Turas Scoile go Cúl Trá

Dé hAoine seo caite eagraíodh turas scoile do dhaltaí ó bhliain 8 i gColáiste Feirste mar chuid den tionscadal oidhreachta, GaelStair. 

D'fhoghlaim na daoine óga faoi stair na Gaeilge in Iarsmalann Daonchultúir Uladh, atá lonnaithe i gCúl Trá i dtuaisceart an Dúin. Cuireadh na daltaí in dhá ghrúpa agus tugadh iad ar thuras treoraithe dar teideal 'Cúl Trá-il' le Dónal McAnallen, Bainisteoir Leabharlainne agus Ceartlainne na hIarsmalainne. Díríonn an turas ar na seantithe agus ar na foirgnimh atá ar taispeáint ann, sin agus ar na daoine lena mbaineann scéal na Gaeilge i gCúige Uladh.

Ghlac foireann oideachais na hIarsmalainne na daltaí ar thuras eile timpeall an bhaile fosta le hamharc ar na comhlachtaí, na seirbhísí agus na siopaí éagsúla a bhí thuas sa seanam.

D'fhreastail Meon Eile ar an lá spreagúil agus labhair muid le Dónal, le Michael Jackson, Comhordaitheoir Tionscadail le GaelStair a d'eagraigh an t-imeacht, le cuntóir ranga ón scoil, Dearbhla, agus le triúr daltaí, Yousef, Cormac agus Cuan. 

Close
Close