Curiarracht dhomhanda don Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta

Bhí os cionn 1200 duine páirteach i gcuriarracht dhomhanda ar na mallaibh sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste nuair a labhair siad uilig i nGaeilge ag an am céanna ar feadh bomaite.

Pilib Mistéil, príomhoide Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, a d’eagraigh an churriaracht agus a d’iarr ar eagraíochtaí, scoileanna agus dreamanna éagsúla sa Cheathrú Ghaeltachta an Ghaeilge a labhairt ar feadh bomaite ag 1in Déardaoin 19 Eanáir.

Bhí orthu uilig ansin fianaise a chur ar fáil den iarracht trí fhíseán nó grianghraf a ghlacadh.

Bhí Meon Eile i gColáiste Feirste agus i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh agus iad ag glacadh páirte sa churiarracht Ghaeilge.

Close
Close