Cuairt ar Éiceaphobal Chloch Shiurdáin

Lonnaithe i mBaile Chloch Shiúrdáin i gCo. Tiobráid Árainn, is é Éiceaphobal Chloch Shiurdáin an t-aon éiceaphobal sa tír seo.

Bhog na chéad chónaitheoirí isteach ann sa bhliain 2009, 10 mbliana i ndiaidh bhunú an ghrúpa ‘The Village’. Is ar nós comharchumainn a fheidhmíonn an grúpa.

Tá os cionn 100 duine anois ina gcónaí ar láthair an éiceaphobail agus iad uilig i dtithe atá tíosach ar fhuinneamh.

D’éirigh leis an ghrúpa cead pleanála a fháil ar an talamh a ceannaíodh i gCloch Shiurdáin sa bhliain 2005 ar son 130 teach agus foirgneamh oibre.

Aidhm Éiceaphobal Chloch Shiúrdáin ná bheith mar áis oideachais, fiontraíochta agus taighde don mhórphobal.

Tá 50 acra de thalamh feirmeoireachta, garraíodóireachta agus coille, córas teasa pobail grianchumhachtaithe agus adhmadchumhachtaithe, chomh maith le hionad fiontraíochta glas acu.

Thug baill de Mhisneach cuairt ar an éiceaphobal ar na mallaibh chun tuilleadh a fhoghlaim faoi lonnaíocht an éiceaphobail.

Labhair Meon Eile le muintir an éiceaphobail chomh maith le baill Mhisneach chun fáil amach an mbeadh suim acu cónaí in áit ar nós Éiceaphobal Chloch Shiurdáin amach anseo.

Close
Close