Seoladh leabhair 'Ceann Scríbe Baile Ghib'

Seoladh an leabhar 'Ceann Scríbe Baile Ghib' nó 'Destination Gibbstown' ar na mallaibh in Aonach Mhacha i gCathair Ard Mhacha.

Cuimsíonn an leabhar scéalta ó 59 teaghlach as Corcaigh, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo, a fuair talamh thiar in 1937 ó Choimisiún na Talún nuair a scoilteadh an 'Gerrard Estate' i mBaile Ghib i gcontae na Mí ina 22 acra. Cainteoirí dúchais Gaeilge ab iad na teaghlaigh go léir agus neart acu gan focal Béarla, rud a bhí ina dheacracht dóibh i mBaile Ghib.

Tosaíodh comhoibriú Choiste Leabhar Bhaile Ghib thiar in 2017 agus iad ag ceiliúradh 80 bliain den chloch mhíle stairiúil. Tá an Coiste Leabhar i ndiaidh camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre agus bhí an t-ádh dearg ar lucht Ard Mhacha bualadh leis an scaifte spreagúil.

Tháinig seisear le chéile, cúigear acu ina bpáistí de chuid an scaifte a bhog go Baile Ghib ag an am, chun scéalta pearsanta na n-imirceach cróga seo a fhoilsiú. Ba iad na deirfiúracha Máire agus Eilín Nic an tSithigh, chomh maith le Máire Uí Chasaide, Máirín Ní Shiadhail, Anraí Mac Garaidh agus Máire Ní Chonchúir a sheol an leabhar.

An rud spéisiúil faoi na scéalta seo ná gur scríobh baill teaghlaigh iad féin iad agus bhí taighde thar a bheith domhain bainteach leis. Tugann na scéalta léargas iontach ar mhothúcháin a sinsear agus ar an streachailt i dtaobh a muintir agus a gcuid cairde a fhágáil, agus ar na teaghlaigh a bhog go Baile Ghib ach a d'fhill ar a mbaile dúchais i ndiaidh tamaill.

Bhí cuid mhór taighde de dhíth leis an leabhar seo a chur i gcrích agus tá obair na gcapall déanta ag Coiste Leabhar Baile Ghib chun seo a bhaint amach. Rinne siad staidéar ar thaifid pharóiste agus sibhialta ó na contaetha áirithe, chomh maith le seanailt ó phaipéir nuachtáin agus seanghrianghraf, rud a chuireann go mór mór leis.

 Is féidir 'Ceann Scríbe Baile Ghib' a cheannach anseo.

Close
Close