Seoladh leabhar leis an Dr Kerron Ó Luain i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich inné, leabhar a dhíríonn ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta agus ar an eagraíocht Gaeloideachas ó 1973 ar aghaidh. Is é ‘Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine’ príomhtheideal an leabhair.
Is staraí é an Dr Kerron Ó Luain as Ráth Cúil, Baile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag teagasc na staire agus na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus i Meiriceá. Le blianta beaga anuas, chuaigh sé i mbun taighde ar thionscadal dar teideal ‘Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, c.1973-2023’ a mhaoinigh An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, as ar eascair léarscáil dhigiteach idirghníomhach a léiríonn fás na hearnála agus atá ar fáil ar shuíomh DCU.
Tá an-spéis ag Kerron sa stair ón bhonn aníos, sa stair trí lionsa na Gaeilge agus i dtionchar cúrsaí aicme ar ghluaiseachtaí sóisialta forásacha.
Bhí an deis ag Meon Eile freastal ar an seoladh, áit ar labhair muid le Kerron faoin éacht atá déanta aige gluaiseacht na Gaelscolaíochta a thabhairt chun solais.