An Chéad Lá Scoile

Le teacht an fhómhair, tá na scoileanna oscailte arís agus do chuid páistí, ciallaíonn sé sin an chéad lá scoile daofa riamh.

Ní ré úr í do pháistí bunscoile amháin. Do chuid eile, bíonn dúshlán an chéad lae ar an mheánscoil rompu.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil Aodha Rua agus ar Ghaelcholáiste Dhoire le bualadh le daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ar an chéad lá scoile.

Seo an chéad uair do Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn seacht mbliainghrúpa a bheith acu.

Is é ranga a haon na bliana seo an rang is mó a bhí acu riamh le 22 dalta.

I nGaelcholáiste Dhoire tá trí bhliainghrúpa anois acu i ndiaidh do 37 dalta tosnú sa chéad bhliain an tseachtain seo caite.

Is é Gaelcholáiste Dhoire an dara meánscoil Gaeilge ó thuaidh, i ndiaidh Choláiste Feirste.

Seo mar a bhí an chéad mhaidin do chéad bhliain Ghaelscoil Aodh Rua agus Ghaelcholáiste Dhoire.

Sna seachtainí amach romhainn beidh Meon Eile ag déanamh tuilleadh faoi chúrsaí oideachais agus Gaeloideachais.

Close
Close