Ciarán Dunbar
Ní thuigeann an pobal i gcoitinne cad atá ag dul ar aghaidh ‘thuas ar an chnoc’ agus ní léir go dtuigeann mórán iriseoirí ach an oiread.
San fholús tuisceana seo is é fearg agus easpa muiníne an dá rud atá i mbéal an phobail, sin nó neamhshuim amach is amach.
Tá cainteanna idir-pháirtithe ar na bacáin anois chun dul i ngleic leis an “ghéarchéim” is déanaí.
Ba é dúnmharú an iarbhaill den IRA Gerard ‘Jock’ Davison sna Margaí i mBéal Feirste agus dúnmharú Kevin McGuigan sa Trá Ghearr ina dhiaidh sin mar dhíoltas a chuir tús leis.
Dúirt an Príomh-Chonstábla go raibh páirt ag baill den IRA i ndúnmharú Kevin McGuigan.
Ba é an UUP a tharraing an t-aon aire atá acu amach ón fheidhmeannas an chéad ghníomh eile.
Déanta na fírinne, tharraing sé sin an tAire Forbartha Réigiúnaí Danny Kennedy amach as ponc.
Cuireann sé i leith na bpáirtithe eile gur fágadh a roinn gan go leor airgid d’aon chúis chun dochar polaitiúil a dhéanamh don UUP – is olc an ghaoth…
Mar fhreagra, d’éirigh airí ó DUP as an fheidhmeannas chomh maith, cé nach ndearna Peter Robinson féin ach “seasamh i leataobh.”
Leanfaidh Arlene Foster ar aghaidh mar Chéad-Aire Gníomhach agus mar Aire Airgeadais.
Dúirt sí: “Cuireadh mise mar gheatóir anseo chun cinntiú nach ndéanfaidh airí Shinn Féin agus an SDLP aon rud a dhéanfadh dóchas do Thuaisceart Éireann agus go háirithe, bímis ionraic, a dhéanfadh dochar don phobal aontachtach.”
Tá an ráiteas sin á cháineadh go forleathan mar sheicteachas – ach más ea, ní dhéanfaidh sé aon dochar don DUP, mar is eol di go rímhaith.
Is féidir léi feidhmiú mar Chéad-aire ionaid ar feadh 6 seachtaine amháin.
Taicticí – ní straitéis
Ní raibh rialtas na Breataine sásta institiúidí Stormont a chealú agus d’ainneoin gur chuir rialtas na hÉireann brú ar an SDLP vótáil ar son iad a chur ar athló – ghlac an páirtí sin a chomhairle féin agus vótáil siad chun leanúint ar aghaidh.
Anois caithfidh an DUP airí nua a ainmniú roimh an Déardaoin nó rachadh na haireachtaí sin go náisiúnaithe.
Tuigtear go bhfuil sé ar intinn ag an DUP airí nua a ainmniú agus go n-éireoidís as go láithreach ag tabhairt seachtaine eile don pháirtí.
Is cleas cliste é seo ó thaobh Peter Robinson de – ach i ndáiríre níl ann ach taicticí ghearrthréimhse (tá clú ar Robinson as a chumas oirbheartaíochta – agus a mhíchumas straitéise).
Is léir go bhfuil cleas Mike Nesbitt tar éis an DUP a chur faoi mhíbhuntáiste.
Tá scáth NAMA, ‘drochbhanc na Poblachta’ ar an DUP i gcónaí chomh maith.
Tá díol punann NAMA an tuaiscirt agus ról Peter Robinson ann á fhiosrú ag coiste airgeadais Stormont faoi láthair agus ní bheadh dá gcuirfí Stormont ar ceal.
Ní hionann sin is a rá go ndearna ceannaire an DUP aon rud mícheart nó go ndearna aon duine a bhfuil ceangal nó gaol acu leis aon rud mícheart ach bheadh sé áisiúil dá gcuirfí deireadh leis an fhiosrúchán sin roimh aon toghchán.
Toghcháin
Tá saolré an Tionóil seo beagnach ag a dheireadh, caithfidh toghchán a bheith ann go luath cibé ar bith.
Cheannódh toghchán láithreach tréimhse ama éigin ach níl aon duine ag maíomh go n-athródh sé sin a dhath ar bith ó thaobh na bun-polaitíochta de.
Seans go mbainfeadh corrdhuine nua suíochán anseo agus ansiúd – Gerry Carroll in Iarthar Bhéal Feirste mar shampla.
Bhain sé 6,798 vótaí amach san olltoghchán ach bhí fios maith ag daoine nach raibh seans dá laghad aige an suíochán a bhuachan.
Má tá frustrachas ar dhaoine in Iarthar Bhéal Feirste leis an chaoi nach bhfuil cúrsaí polaitiúla ag dul i ngleic le fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta ní léir go bhfuiltear ag éirí as poblachtachas agus náisiúnachas.
Is iad an dara dream is mó ar an talamh i gceantair náisiúnacha (seachas an SDLP) ná na mílte duine atá áit éigin idir Shinn Féin agus easaontóirí.
Tá an dream mór seo fágtha gan ghlór agus gan ionadaíocht ach tá siad ann agus is mó iad mar ghrúpa ná aontachtaithe Caitliceacha cuir i gcás.
Is é an fhadhb atá acu ná nach bhfuil dearcadh agus plean gníomhaíochta i gcoitinne acu.
Níl aon eagla ar Shinn Féin roimh thoghchán cé nach bhfuil mórán spáis acu dul chun cinn a dhéanamh – seachas iar-vótóirí a mhealladh ar ais seans.
Ach ní dócha go bhfuil an fonn troda céanna ar an SDLP – tá vóta s’acu buanseasmhach ach ní léir fós cad é nó cé a spreagfaidh athbheochan an pháirtí.
“Big Bobby”
Tá sé an-suimiúil ar fad nár luadh an focal ‘securocrat’ agus Bobby Storey, Brian Gillan agus Eddie Copeland á gceistiú ag an PSNI, go háirithe é nuair a chuirtear san áireamh an meas atá ag poblachtaigh ar “Big Bobby".
Mar sin féin, tá seisean chun an dlí a chur ar an Phríomh-Chonstabla anois, ag cur gabháil bhréagach i leith an PSNI.
Glacadh go forleathan i measc na bpoblachtach, ar an ábhar gurbh iad siúd an triúr de na fir IRA is sinsearaí i mBéal Feirste (creidtear), gur gníomh polaitiúil a bhí i gceist nuair a gabhadh iad.
Tá dlúth-chaidreamh idir Gerry Adams agus Bobby Storey agus dar le poblachtaigh, rinne Bobby Storey cuid mhaith le cinntiú gur chloígh gluaiseacht na poblachta leis an tsíocháin.
Dúirt Bobby Storey féin inné go bhfuil an tIRA imithe agus nach bhfuil sé ag teacht ar ais.
Ach níl aon bhealach chun sin a chruthú, ar an lámh eile níl aon bhealach chun cruthú nach bhfuil, fáinne fí gan bealach amach atá ann.
Trácht
Ar chúis éigin síleann daoine sna Sé Chontae nach mbíonn polaitíocht ann i dtíortha eile agus go n-aontaíonn gach duine le chéile ar gach rud.
Cad chuige sin?
Tá tráchtairí an-diúltach faoi Stormont, an dtéann sé sin i bhfeidhm ar dhearcadh an phobail go mór?
In agallamh a rinne mé leis an Aire Oideachais John O’Dowd an mhí seo caite, chuir sé dúshlán roimh lucht cáinte an fheidhmeannais – cad é an t-athrach de phlean atá acu?
Tá pointe aige.
Glac an tráchtaire Alex Kane mar shampla, i ndeireadh na dála, ní mholann sé féin ach go n-éireodh náisiúnaithe as.
Ní dócha go bhfuil ceachtar acu mar dhá phobal chun éirí as áfach.
Seans gur ghlac aontachtaithe nuair a shínigh an UUP Chomhaontú Aoine an Chéasta go bhfaigheadh náisiúnachas bás de réir a chéile?
Is é an fhadhb le Stormont ná nár shásaigh sé duine ar bith; níor mharaigh sé náisiúnachas, níor thug sé todhchaí roinnte chun tosaigh, níor chabhraigh sé leis na pobail is boichte ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de, níl Éire Aontaithe puinn níos gaire, níl aon Acht Gaeilge ann agus srl.
Tá sé mar sin mar ní féidir le dream ar bith todhchaí a bhuachan, nó a chailleadh ach an oiread.
Is é an t-aon bhealach go dtiocfadh athrú air sin ná go n-éireodh Sinn Féin as cumhacht agus go ligfeadh siad d’aontachtaithe rialú (le tacaíocht an SDLP) gan iad.
Níl seans ar bith ann go dtarlóidh sé sin choíche.