Macalla na dTrioblóidí linn i gcónaí

Macalla na dTrioblóidí linn i gcónaí

Ciarán Dunbar

Ok. Tosaímis le fíric mhíchompordach, tá difear ollmhór idir an t-alt seo ar ‘Meon Eile’ agus na hailt a foilsíodh ar chás Mhaíria Cahill i gceann de na nuachtáin ó dheas.

Is é sin, go bhfuil aithne phearsanta ag an-chuid de na daoine a bhfuil seo á léamh acu ar Mhaíria féin.

Bheadh aithne phearsanta ag cuid agaibh ar an fhear a gcuirtear éigniú ina leith – tá sé de dhualgas orm a rá go bhfuarthas é neamhchiontach tar éis imeacht dlíthiúil.

Bheadh aithne ag roinnt mhaith den léitheoireacht ar an cheathrar ar cuireadh cúiseanna ina leith maidir le “fiosrúchán an IRA” sa chás seo.

Arís fuarthas neamhchiontach iad agus tuigtear go bhfuil siadsan (nó roinnt acu) chun an dlí a chur ar an BBC, RTÉ agus ar asraonta meáin eile maidir lena gclúdach ar an scéal.

Bheadh aithne éigin ag an-chuid daoine ar Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, chomh maith.

Gan aon amhras, is airsean atá an fócas meáin sa chás seo, ní nach ionadh, cé go bhfuil aird na meán dírithe ar leasuachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, chomh maith.

Scéal tragóideach is pearsanta, sin an fáth a bhfuil sé chomh nimhiúil sin.


Tá Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt i mbun athbhreithnithe ar thrí chás atá bainteach leis an éigniú líomhnaithe seo.

Ní féidir an cás a oscailt arís gan aon fhianaise shuntasach nua áfach agus ní cosúil sin i gcás den chineál seo. Fiú dá bhféadfaí, tá dochar déanta ag an tuairisceoireacht sna meáin don chás, bainim úsáid as an fhocal ‘dochar’ sa chiall dhlíthiúil amháin.

Go bunúsach, níorbh fhéidir aon ghiúiré neamh-chlaonta a aimsiú do thriall ar bith mar tá sé fógartha ag na meáin go bhfuil na daoine ar cuireadh is a gcuirfí cúiseanna ina leith ciontach cheana féin – foghlaimíonn ábhar iriseora sin ar a c(h)éad lá sa phost.

Mar sin de, is sna meáin agus sa pholaitíocht a léireofar an scéal as seo amach cé nach mbeidh deireadh sásúil leis choíche.


Coicís ó shin, bhain tromlach de na hailt sa ‘Sunday Independent’ leis an cheist, ionsaithe fíochmhara ar Shinn Féin agus Gerry Adams roinnt mhaith acu sin.

Ach seachtain ó shin, d’fhoilsigh an nuachtán céanna pobalbhreith a léirigh go raibh tacaíocht Shinn Féin ardaithe go 26% (anois, níl ann ach pobalbhreith amháin). D’fhág sé sin gurb é Sinn Féin an páirtí is mó tacaíocht sa Phoblacht – cad é mar a tharla sin?

Tá sé ar intinn agam iarracht ionraic a dhéanamh anailís pholaitiúil bheacht a chur ar fáil maidir leis an scéal seo agus an tionchar a bheas aige ar Shinn Féin amach anseo ach cuirimis rud as bealach: tá anailís pholaitiúil fhuarchúiseach beagnach dodhéanta dofhaighte in Éirinn, tá an tír ró-bheag, tá aithne rómhaith againn ar a chéile agus tá ár gcuid claontaí ró-shoiléir.

Sin an príomhfháth nach raibh mórán tionchair ag an scéal seo ar thacaíocht Shinn Féin go dtí seo.

De bhrí go bhfuil aithne rómhaith ag an phobal ar na hiriseoirí atá ag clúdach an scéil agus ar a gcuid tuairimí, tá a gcuid claontaí léirithe acu.

Uime sin, amharcann lucht tacaíochta Shinn Féin ar cháil mhaith d’iriseoirí mar bholscairí i gcoinne an pháirtí go príomha – ní mar thuairisceoirí neamhchlaonta, mar sin de, ní thugtar aird orthu, mar sin ní bhíonn tionchar acu orthu.

Dearcadh míchothrom b’fhéidir, cé go bhfuil iriseoirí ann a bhfuil an ról sin ceaptha dóibh féin go hoscailte, Eoghan Harris mar shampla.

Dá mbeadh iriseoirí ann i bpáipéar a raibh dearcadh náisiúnach acu, báúil d’Éirinn Aontaithe mar shampla, agus iad ag cáineadh an pháirtí sna meáin, sílim go mbeadh tionchar níos mó ag scéalta ar nós chás Mhaíria Cahill ar Shinn Féin agus ar a lucht tacaíochta, ach níl agus cha bhíonn.

Tá fáth eile nach mbíonn muinín ag lucht tacaíochta SF sna meáin ó dheas – ní chuireann an chuid is mó d’iriseoirí reatha mórán spéise i scéal ar bith a bhaineann leis an Tuaisceart nach ndéanann dochar do Shinn Féin.

Cuir i gcás, ní fhaca mé ainm Majella O’Hare riamh i bpáipéar Bhaile Átha Cliath, tá Jean McConville luaite i ngach páipéar gach lá.

Neartaíonn sé sin an dearcadh, go háirithe ó thuaidh, go bhfuil na meáin ó dheas claonta is nár chóir mórán muiníne a chur iontu.

Creideann lucht tacaíochta Shinn Féin gur bréagadóirí iad iriseoirí an ‘Sindo’, creideann iriseoirí an ‘Sindo’ a mhalairt. Sin mar atá, ní rachaidh ceachtar den dá dhream i bhfeidhm ar a chéile.


Is scéal thar a bheith polaitiúil é seo, dírithe ar cheannaire SF, Gerry Adams agus ar a ról. Tá sé iarrtha ag Maíria Cahill air éirí as mar cheannaire Shinn Féin – diúltaíonn sé sin a dhéanamh scun scan.

Cén fáth a seasann Sinn Féin le Gerry Adams (taobh amuigh den fhíric go dtoghtar é go furasta agus go léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil dúil ag an phobal ann)?

Creidim gur leag Malachy O’Doherty a mhéar air ar na mallaibh:

“Gerry has for years been the lightning rod for criticism of the IRA. All of that opprobrium, all of the distaste for the bombing, the torture, the killings, the disappearings and the cleaning up afterwards lands at his feet and virtually at his feet alone, though thousands of people have been in the IRA. You’d think sometimes that that was his job, to take that hit, deflect that energy and make that sacrifice. Good man that he is."

Tá tuairim spéisiúil léirithe ag Concubhar Ó Liatháin agus bheinn ag teacht leis:

“Táim fada a dhóthain ar an mbóthar le tuiscint nach bhfuil aon bhaol ann go n-éireoidh Gerry Adams as mar Uachtarán Shinn Féin agus é faoi ionsaí mar seo. Is amhlaidh go ndaingneofar é ina cheannasaíocht. Mar sin má tá iriseoirí amuigh ansin a chreideann go n-éireoidh le feachtas ‘Get Gerry’, tá dul amú orthu.”

Tá cúis eile ann nach n-éireoidh sé as, mínithe go beacht ag Ed Moloney:

“…. Sinn Fein is his party, his creation, his idea. It was he who led the republican movement into politics, who schemed the entry into electoral success, who plotted, persuaded, planned, inveigled, duped, bullied, lied and deceived the IRA into a ceasefire and then into the Good Friday Agreement, IRA decommissioning, the acceptance of the consent principle, the PSNI and so on and so on. And it was he who gave all the newbies their chance, who selected them and eased their way past older, reliable friends from IRA days … It was an enormously dangerous enterprise that he and a few colleagues embarked upon in the early 1980’s. One false step and they were all dead men. It was why I wrote in ’A Secret History of the IRA’ that he deserved a share of the Nobel Peace Prize given to John Hume and David Trimble; in fact deserved it more than they.”

Seo dearcadh Alex Kane atá an-chruinn dar liom:

“It now seems pretty clear that Sinn Fein is not going to be damaged or kept down by the regular digging up and parading of its assorted skeletons by either its political opponents or the media. People who vote Sinn Fein know about their past. They know that key figures are former terrorists. They know that Gerry Adams was justifier-in-chief for the IRA. They know that very bad things happened. They know all of that and still vote for them: so constantly reminding them about it isn’t going to make a damn bit of difference now, or at the next election.”

Ní aon chara le Sinn Féin nó le Gerry Adams duine ar bith de na tráchtairí sin.


Is cumarsáideoir den scoth í Maíria Cahill a bhfuil an-mhisneach aici.

Míníonn sí a cúiseanna féin go maith mar a léiríonn an tvúit seo; “So here is the main issue. I was abused. IRA forced an investigation and made me confront my abuser. SF are covering up. That’s the issue.”

D’fhág sí féin Sinn Féin i 2001 cé gur lean sí léi ag obair don pháirtí i dtoghcháin ina dhiaidh sin.

Bhí sí ina ball den Republican Network for Unity (grúpa easaontach nach nglacann leis an PSNI) go dtí gur fhág sí an páirtí sin i 2010.

Deir sí nach poblachtach í níos mó – is scéal ollmhór polaitiúil é sin ann féin agus bheadh suim ag go leor fáil amach cá seasann sí go polaitiúil anois nó conas a d’fhorbair sí go polaitiúil go dtí an pointe seo – cé nach bhfuil sé sin ábhartha maidir leis na líomhaintí maidir le héigniú.

Beidh go leor i ngluaiseacht na poblachta ag smaoineamh gur mór an trua nach polaiteoir óg dá gcuid í inniu thuas i Stormont nó sa Dáil fiú, tá cuimhní ag go leor daoine uirthi mar phoblachtach óg cumasach deisbhéalach, tiomanta agus díograiseach.


Níl mórán daoine ar chlár na cruinne nach gcreideann go ndearna an tIRA ‘fiosrúchán’ de chineál éigin sa chás seo agus níl mórán daoine den tuairim nach ndearnadh prácás iomlán de.

Níl aon dabht nach raibh an tIRA ábalta nó fóirsteanach den chineál seo róil.

“Ag tuairisciú ón talamh, feictear domsa go gcreideann daoine a bheadh báúil do Shinn Féin ó thuaidh cuntas Mhaíria Cahill ach nach bhfeiceann siad an nasc díreach le Gerry Adams – níl go leor eolais agam faoi lucht tacaíocht Shinn Féin ó dheas.

Tá roinnt mhaith den fhócas dírithe ar Mary Lou McDonald – mar sin an áit a bhfuil an tairbhe polaitiúla is mó le baint as, mothaíonn na meáin gurb ise an ball is laige faoi láthair – ní Adams. An mbeidh sí ábalta dó?

Ach bheadh an-iontas orm dá ndéanfadh an cás seo mórán dochair do Shinn Féin go fadtéarmach.

Níl Sinn Féin chun a scoir mar gheall air seo – beidh an páirtí ann go ceann tamall fada agus ní éireoidh Gerry Adams as, ní go fóill cibé ar bith mar níl éinne réidh le háit s’aige a ghlacadh, sin gné thábhachtach eile.

Déanta na fírinne, tá na meáin (agus sílim go bhfuil sé féaráilte go leor an cur síos sin a dhéanamh) ag cabhrú le Sinn Féin agus gur léirigh an phobalbhreith sin – tá Sinn Féin ábalta a rá “amharc, tá na páirtithe eile uile go léir mar an gcéanna ach tá muidne difriúil,” rud mór é sin i bpolaitíocht na linne.

Mar sin féin – chuirfeadh an cás seo isteach ar aon duine a bheadh ag smaoineamh clárú le Sinn Féin, cén duine óg atá ag iarraidh troid ar son Éire Aontaithe nó cibé atá ag iarraidh leithscéalta a ghabháil as eachtraí gránna cogaidh (agus gach uile ghné a bhain leis) nár bhain leo riamh.

Agus cuirfidh sé isteach go mór ar vótaí aistrithe (laigeacht is mó Shinn Féin go háirithe ó dheas). Is cinnte go mbeidh an chéad fheachtas toghchánaíochta dochrach searbh ar fad, rud a rachaidh i bhfeidhm ní amháin ar an pholaitíocht ach ar an phobal ar fad.

Ní cóir a bheag a dhéanamh de shuntas polaitiúil an scéil seo ach go dtí go dtitfidh tacaíocht Shinn Féin sna pobalbhreitheanna nó go dtí go mbrisfidh ball den pháirtí leis (agus níl an chuma sin ar an scéal faoi láthair) ní féidir a mhaíomh go fuarchúiseach go bhfuil aon ghéarchéim ollmhór ann don pháirtí.

Close
Close