Tá muintir na hÉireann, thuaidh agus ó theas, ag éirí níos báúla don Ghaeilge, de réir taighde atá foilsithe ag an ERSI.
Beirt as achan tríúr atá báúil don Ghaeilge ó dheas i gcomparáid le duine as beirt in 2001. I gcás an tuaiscirt, maíonn duine as beirt go bhfuil bá acu don Ghaeilge, figiúr atá méadaithe ó 29% i 2001.
Nochtadh an t-eolas seo i suirbhé uile-oileáin a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta faoi dhearcthaí teanga. Taighde é seo a rinneadh thar cheann Fhoras na Gaeilge.
Cuireadh agallamh ar 1,215 duine ó dheas agus 1,045 ó thuaidh.
In ainneoin go bhfuil sciar mór d’Éireannaigh báúil leis an Ghaeilge, léirítear sa taighde gur beag atá sásta í a labhairt go rialta.
Deirtear sa taighde go ndéantar dearcthaí i leith na Gaeilge a mhúnlú i dtrí réimse saoil: an córas oideachais, saol an teaghlaigh agus saol an phobail.
Ag tagairt do thorthaí na tuarascála, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, go bhfuil easpa deiseanna úsáide i measc na bpríomhchúinsí a chuireann bac ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt.
“Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre, faoi mar atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, le deiseanna praiticiúla rialta a chur ar fáil don phobal chun leas a bhaint as an nGaeilge atá acu,” arsa Ó Cearbhaill.
An Ghaeilge sa teaghlach
Dúirt tuismitheoir as beirt ó dheas gur mhian leo go bhfoghlaimeodh a bpáistí Gaeilge ar scoil; scrúduithe scoile is ea é príomhúdar foghlamtha na dtuismitheoirí seo.
Shonraigh 15% de thuismitheoirí ó thuaidh spéis go bhfoghlaimeodh a bpáistí Gaeilge ar scoil; ba é foghlaim ar mhaithe í a shealbhú príomhúdar spreagtha na dtuismitheoirí seo.
I gcás daoine a tógadh le Gaeilge, leanann duine as beirt a labhairt i ndiaidh dóibh an baile a fhágáil.
Cúig fhíric dhearfacha ón tSuirbhé:
*Léirigh 57% de dhaoine ó dheas agus 17% daoine ó thuaidh cumas líofachta
*Duine fasta as deichniúr atá ag filleadh ar fhoghlaim na Gaeilge ó thuaidh
*Creideann 72% ó dheas agus 64% ó thuaidh nach mór freastail ar éileamh na Gaelscolaíochta
*Aithníonn 30% ó thuaidh tábhacht le seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge ón tseirbhís phoiblí
*Beirt as cúigear ó dheas atá den tuairim nach bhfuil a ndóthain déanta ag Rialtas na Poblachta
Cúig fhíric dhiúltacha:
*Dúirt 70% tuismitheoirí ó thuaidh nach bhfuil sé tabhachtach go mbeidh Gaeilge ag a leanbh
*Áiríodh dearcthaí diúltacha faoin Ghaeilge sa chóras oideachais sa dá dhlínse
*Tá easpa aithne ar Ghaeilgeoirí eile ina gconstaic labhartha
*Mháigh 14% de dhaoine ó thuaidh go bhfuil siad i gcoinne na Gaeilge
*Luaigh 40% de dhaoine ó thuaidh nach bhfuil tuairim acu faoin Ghaeilge
Is suirbhé é seo a rinneadh in 2013; taighde piarmheasta atá ann, rud a chiallaíonn go raibh sé faofa ag saineolaithe neamhspleácha sular cuireadh na torthaí i gcló. Is fiú a aithint nach ionann cuinsí na Gaeilge sa dá dhlinse.