Tá laghdú mór tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh ag tús na míosa seo caite.
Thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 duine go dtí 20,586 duine idir 2011 agus 2016, sin laghdú de 11%.
Ba i Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Chonaill a bhí an laghdú ba mhó le feiceáil ann.
Laghdú de 15.8% ar líon na gcainteoirí laethúla a bhí ann i nGaeltacht Thír Chonaill sa tréimhse seo.
Foilsíodh scéal ar meoneile.ie roimhe seo faoin suirbhé a rinne Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir.
Thug torthaí an tsuirbhé seo le fios gur Béarla is mó a bhíonn á labhairt sa bhaile ag 56% de pháistí an cheantair.
Sa bhliain 2007 léirigh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht gur dhúirt níos mó ná 75% den phobal gur labhair siad Gaeilge go laethúil.
Rinneadh nuashonrú ar an Staidéar céanna sa bhliain 2015 a thug le fios go raibh 69% den phobal sa cheantar ag labhairt i nGaeilge ar bhonn laethúil.
Ach tugann torthaí shuirbhé Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt go seasann an figiúr seo ag 67% inniu.
Ábhar imní é seo a thugann le fios go bhfuil meath leanúnach ag teacht ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht agus tá seo le feiceáil arís i bhfigiúirí Dhaonáireamh 2016.
Ach cad atá taobh thiar den titim leanúnach seo?
Cinnte go bhfuil tionchar ag an imirce ar an scéal ach ní thig linn a shéanadh go bhfuil níos mo páistí ag labhairt Béarla sa bhaile le blianta beaga anuas agus go bhfuil géarghá leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú anois níos mó ná riamh.
Tá sé ráite ag saineolaithe teangeolaíochta má thiteann an figiúr seo faoi 67% go dtitfidh sé go gasta agus go mbeadh sé iontach doiligh an Ghaeilge a thabhairt ar ais arís.
Thug ár bhfísiriseoir, Seán Ó Baoill, arb as ceantar atá i limistéar Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt dó, cuairt ar a bhaile le fáil amach cén chuma atá ar an scéal agus caidé leigheas an scéil.
An bhfuil an tobar ag triomú?
Tá plean teanga curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus iad ag fannacht ar scéal ar ais.
Tá 22 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta eile i mbun an phróisis phleanála teanga as a stuaim féin fosta, agus iad uilig ag céimeanna áirithe sa phróiseas.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne go mbeidh €735,000 a thabhairt ag Údarás na Gaeltachta agus €115,000 a thabhairt ag Foras na Gaeilge do na grúpaí áitiúla “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn”.
Beidh an maoiniú seo ann le hoifigigh Ghaeilge a fhostú sa Ghaeltacht le tacú le feidhmiú pleananna teanga.
Lena chois tá cinneadh mór le déanamh ag scoileanna Gaeltachta ar mhaith leo aitheantas a fháil mar Scoil Ghaeltachta mar chuid de Pholasaí Oideachais Gaeltachta 2017-2022.
Má ghlacann siad le stadas mar scoil Ghaeltachta beidh orthu acmhainní teagaisc Gaeilge a úsáid agus na hábhair uilig a theagasc trí Ghaeilge seachas Béarla.
Chomh maith leis seo beidh orthu “gach iarracht” a dhéanamh foireann teagaisc a earcú atá líofa sa Ghaeilge, agus a bhfuil “tuiscint acu ar an gcleachtas oideolaíoch a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge”.
Is cinnte go gcuideoidh seo le plean teanga a chur i bhfeidhm ach is faoi phríomhoide agus múinteoirí na scoile, mar aon leis an bhord bainistíochta, an bord traenála oideachais, tuismitheoirí agus lucht pleanála teanga an cheantair an cinneadh a dhéanamh.
Beidh le feiceáil cén cinneadh a bheas le déanamh ag na scoileanna taobh istigh de limistéar Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus cén tionchar a bheas aige seo ar chur i bhfeidhm plean teanga sa cheantar.