Tá iarrtha ar Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann (BTTÉ/NITB) a mbeartas dátheangach á athrú faoi cheann coicíse nó cuirfear os comhair na hArd-Chúirte iad.
Thug an Coiste um Riaradh an Cheartais (CRC/CAJ) foláireamh dlí do BTTÉ tar éis dóibh teacht ar chomhfhreagras stáit a thug ar BTTÉ diúltú do chomharthaíocht dhátheangach i gcontae an Dúin.
Léiríonn an comhfhreagras gur iarr státseirbhíseach ón Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta ar BTTÉ diúltú d’iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach ach gan an treoir a chur i mbeartas scríofa.
Bhronn BTTÉ deontas £200,000 ar thionscnaimh thurasóireachta i gcontae an Dúin i 2012 ar an choinníoll gur i mBéarla amháin a bheadh comharthaíocht an tionscnaimh.
Ar feadh dhá bhliain, dhiúltaigh BTTÉ comhfhreagras áirithe atá bainteach lena gcinneadh maoinithe a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Tá an comhfhreagras uilig anois i mbéal an phobal i ndiaidh don BTTÉ géilleadh le linn Bhinse Saoráil Faisnéise. Is féidir na cáipéisí a léamh ina iomláine ag an nasc seo.
Bhí go leor comhfhreagrais fosta idir Comhairle Ceantair an Iúir agus Mhúrn agus BTTÉ faoi chomharthaí turasóireachta bheith i nGaeilge ach gur tugadh freagra diúltach ar a n-iarratais sin chomh maith.
Maíonn BTTÉ gur dhiúltaigh siad don chomharthaíocht Ghaeilge ar threoir scríofa ón Chomhairleoir Speisialta don Aire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta, Arlene Foster ón DUP.
“Tá dóthain eolais againn anois le dúshlán a thabhairt don bheartas seo. Tabharfaidh muid athbhreithniú breithiúnach i gcoinne bheartas BTTÉ muna bhfuil siad sásta é a tharraingt siar agus a athrú,” arsa Daniel Holder ón Choiste um Riaradh an Cheartais.
Cúlra an scéil…
Bhronn an Bord Turasóireachta deontas £200,000 ar Chomhairle Ceantair an Dúin i 2010 le tionscnaimh thurasóireachta a fhorbairt i nDún Pádraig.
Lorg an Chomhairle Ceantair go mbeadh an chomharthaíocht mórthimpeall chosán Siúlóide Dhún Phádraig go dátheangach, gníomh a thacódh lena bpolasaí dátheangach.
Tar éis iarratas na comhairle, d’iarr an Bord Turasóireachta comhairle na Roinne Fiontair, Trádála agus Infheistíochta.
Scríobh Rúnaí don Aire Arlene Foster, DUP, chuig an Bhord ag moladh gan maoiniú don chomharthaíocht dhátheangach a cheadú:
“Please note that the Minister has instructed that NITB policy as outlined in the attached paper should be adhered to and that NITB should not consider funding bilingual signage outside of this policy.”
– Litir ó Rúnaí Príobháideach na Roinne Fiontair, Trádála agus Infheistíochta, 11/1/ 2011
Sna sála ar threoir na Roinne, dhiúltaigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird Turasóireachta, Alan Clarke, do mholadh Chomhairle Ceantair an Dúin:
“NITB’s focus is on the visitor experience – to ensure that all tourist interpretation is clear, consistent, not confusing and assists the visitor in understanding the importance of the destination… We have seen no evidence from the visitor perspective to justify a change from this approach.”
- Treoir ó iar-Phríomhfheidhmeannach BTTÉ, Alan Clarke 17/1/2011
Aighneas sa phobal
Chothaigh freagra an Bhoird Turasóireachta míshástacht agus achrann i measc bhaill na Comhairle.
Lorg an t-iar-Chomhairleoir Éamonn Mac Con Midhe comhairle dlí faoin ábhar.
Moladh don Uasal Mac Con Midhe, in ainneoin na cosúlachta go raibh beartas BTTÉ mídhleathach, nach mbeadh ach breis is leath seans acu i gcás cúirte.
Mar shiombail míshástachta, dhiúltaigh an Chomhairle Ceantair do mhaoiniú na gcomharthaí siúlóide toisc gur chuid bheag den infheistíocht iomláine ab ea iad.
Ghlac Comhairle Ceantair an Dúin go drogallach leis an mhaoiniú eile mar gheall ar bhagairt go gcaillfidís an maoiniú mura mbeadh an tionscnamh curtha i gcrích faoi Mhárta 2011.
Coiste um Riaradh an Cheartais ag tabhairt dhúshlán an Bhoird Turasóireachta
I dtrátha an aighnis, scríobh Daniel Holder ón Choiste um Riaradh an Cheartais chuig an Bhord Turasóireachta ag maíomh go raibh sárú déanta acu ar chearta teanga. Rinne an tUasal Holder iarratas ar gach comhfhreagras bainteach le cinneadh BTTÉ faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
“Cuireadh muid ar an eolas go raibh cóiníoll maoinithe ag an Bhord Turasóireachta go gcaithfeadh gach iarratas ar chomharthaíocht a bheith aonteangach. D’ardaigh seo ceisteanna dlíthiúla, ceisteanna leathcheala agus ceisteanna fá chearta teanga.
Lorg muidne eolais fá chúis an chinnidh. Dúradh linn nach raibh buntáiste eacnamaíoch le comharthaíocht dátheangach, go gcuirfidh mearbhaill ar thurasóirí agus go mbeadh sé ina bhagairt do thiománaithe," arsa an tUasal Holder.
Lorg iar-Phríomhfheidhmeannach an Bhoird Turasóireachta, Alan Clarke, comhairle ón Aire Arlene Foster sna sála ar líomhaintí an Uasail Holder.
Mhol an Roinn don Bhord a gcomhairle dlí féin a lorg.
An dá eagras stáit ag iarraidh a gcuid lámha a ní
Léiríonn comhfhreagras idir an Bord Turasóireachta agus an Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta nach raibh ceachtar taobh sásta freagracht a ghlacadh as an chomharthaíocht dhátheangach a dhiúltú.
Tar éis dóibh comhairle dlí a lorg, scríobh Cathaoirleach BTTÉ, Howard Hastings, chuig an Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta ag míniú a ngníomhaíochtaí:
NITB received a Departmental direction on this issue as follows. “Do not formalize a policy, but stand over the current approach.
This provides useful clarification… We therefore accept the Ministerial Direction and subsequent Departmental direction and clarification” – 17/9/2012
Shéan Leas-Rúnaí na Roinne go raibh treoracha foirmeálta curtha ar fáil ag a chomhghleacaithe:
“You use the word ‘direction’ in relation to the email from the Minister’s Private Secretary on 11 January 2011. I do not consider either of these as formal ‘directions’ and they should not be treated as such. Nevertheless, I accept that they are communications from the Department in which we sought to give advice.”
Tugadh an Bord Turasóireachta os comhair Bhinse Saoráil Faisnéise ar an mhí seo caite toisc gur dhiúltaigh siad cáipéisí a scaoileadh, cáipéisí a bhain leis an tréimhse i ndiaidh gur seoladh an litir thuasluaite.
Sa deireadh, ghéill an Bord Turasóireachta. Tá na cáipéisí uilig atá ar fáil anseo mar bhunús don dúshlán dleathúil atá á thabhairt ar bheartas an Bhoird.
Mhol Príomhfheidhmeannach Pobal, Janet Muller, obair an Choiste um Riaradh an Cheartais ach maíonn sí gurb é Acht na Gaeilge an t-aon leigheas atá ar na deacaireachtaí beartais a bhíonn go fóill ag cur isteach ar phobal na Gaeilge ó thuaidh.