Tá sé molta i dtuarascáil úr de chuid na Náisiún Aontaithe gur chóir Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh.
D’fhoilsigh an Choiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha tuarascáil thréimhsiúil ar chur i bhfeidhm ‘An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha’ inné.
Mar chuid d’imscrúdú na tuarascála, rinneadh grinn-fhiosrúchán maidir le feidhmeanna oibre Rialtas na Breataine i dtaobh chur i bhfeidhm an Chúnaint.
Léirigh coiste na Náisiún Aontaith imní mhór faoin easpa gnímh atá déanta ag an Stát chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart na hÉireann.
“The Committee remains concerned about the lack of effective measures adopted by the State party to promote the use of Irish Language in Northern Ireland. The Committee recommends that the State party adopt an Irish Language Act.”
Dhiúltaigh ionadaí Rialtas na Breataine ceist maidir le reachtaíocht cheart-bhunaithe don Ghaeilge a fhreagairt an tseachtain seo caite.
“Seacht mbliana i ndiaidh a dTuarascála deireanaí, a mhol go sonrach do Rialtas na Breataine glacadh le hAcht Gaeilge anseo, tá muid go fóill san áit ina raibh muid, arsa Niall Comer, Tanáiste Chonradh na Gaeilge
Deir an tUasal Comer gur údar misnigh é “go bhfuil sé aitheanta go soiléir acu, ag leibhéal domhanda, go bhfuil ag teip i gcónaí ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas a comhlíonadh i leith na teanga sna sé chontae.”
Dúirt Janet Muller ón scátheagras, POBAL, “mar thoradh na hoibre leanúnach a rinne POBAL ar an cheist seo, bhí aird na saineolaithe arís ar theipeanna leanúnacha rialtas Westminster agus Stormont glacadh le reachtaíocht Gaeilge. Cháin an Coiste ar Chearta Eacnamaíoch, Cultúir agus Sóisialta an neamart atá déanta ar an Ghaeilge agus bheimigh siad arís gur cheart Acht a thabhairt isteach”
Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóide an Chonartha go bhfuil siad ag éileamh ar an dá Rialtas bheith iomlán freagrach as na coimitmintí a thug siad agus Acht teanga a chur ar ais ar an chlár oibre agus é a reachtú ó thuaidh.”
“Is iad na sé chontae an t-aon réigiúin sna hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht cheart-bhunaithe ann don teanga dúchais; ní mór sin a aithint go poiblí agus é a chur ina cheart,” arsa Mac Giolla Bhéin.
I dtús an fhómhair, cuirfidh Conradh na Gaeilge an dlí ar an Fheidhmeannas san Ardchúirt ar an bhonn nár ghlac siad le straitéis na Gaeilge 2015 -2035, a aontaíodh ina gClár Rialtais deireanach. Socraíodh ar an Aoine 9ú Meán Fómhair mar lá an athbhreithnithe ina gcuirfidh an dá thaobh a gcuid fianaise chun tosaigh.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad sásta an cás a tharraingt siar má gheallann an Feidhmeannas go gcuirfidh siad an straitéis i bhfeidhm.