Ciorrú ar líon na spásanna ar bhunchéim Ghaeilge Ollscoil Uladh

Ciorrú ar líon na spásanna ar bhunchéim Ghaeilge Ollscoil Uladh

Agus torthaí A-Leibhéil dáilte, tá ciorrú 13% á dhéanamh ag Ollscoil Uladh ar líon na spásanna atá á dtairiscint acu ar a mbunchéim lánaimseartha sa Ghaeilge don bhlian ollscoile atá romhainn.

Tagann an scéal seo sna sála ar phróiseas cuíchóirithe na hOllscoile ina bhfuil deireadh á chur leis an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge ar a gcampas i mBéal Feirste.

Is i nDoire amháin a bheas céim lánaimseartha na hOllscoile ar fáil ón fhómhar seo ar aghaidh.

Spásanna do 35 mac léinn atá á dtairiscint ag Ollscoil Uladh ar an bhunchéim an fómhar seo. Laghdú suntasach é seo ar bheagnach 50 mac léinn a thosaigh amach ar an chéim chéanna in 2014.

Rinne 56 duine iarratas ar an bhunchéim lánaimseartha i mBéal Feirste anuraidh, cé nár glacadh ach le scór acu sin. Le himeacht na bunchéime, tá cailliúint de 60 mac léinn Gaeilge ann ar an chéim lánaimseartha i mBéal Feirste.

Cé go bhfuil bunchéim lánaimseartha ag Ollscoil na Ríona agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, tá a riachtanais iontrála níos airde ná cinn Ollscoil Uladh. Grádanna ‘BCC’ an riachtanas iontrála do dhuine ar mhaith leo tabhairt faoin bhunchéim sa Ghaeilge le hOllscoil Uladh; ‘ABB’ an bunriachtanas le hOllscoil na Ríona agus ‘BBC’ an riachtanas le Coláiste Ollscoile Naomh Muire.

Foinse: Ollscoil Uladh - Líon na mac léinn cláraithe ar chéim sa Ghaeilge 2014/15
Foinse: Ollscoil Uladh - Líon na mac léinn cláraithe ar chéim sa Ghaeilge 2014/15

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge “go mbeidh daltaí ag roghnú cúrsaí ollscoile sna seachtainí atá romhainn i ndiaidh do na torthaí ard-leibhéil theacht amach inniu agus go bhfuil sé samhnasach ar fad nach bhfuil Béal Feirste ar fáil mar rogha ag Ollscoil Uladh.”

Is cúis dhíomá í nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó ag Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air,” arsa Mac Giolla Bhéin.

Ollscoil Uladh

Tugadh le fios ar na mallaibh fosta go bhfuil trí phost le ciorrú i Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.

Deir Seannadóir Shinn Féin Niall Ó Donnghaile gur buille mór iad na ciorruithe seo do phobal Gaeilge Bhéal Feirste ach go háirithe.

“Tá an Ollscoil ag tógáil ar a gcampas i mBéal Feirste; bhí an-ráchairt ar an chéim anseo. Ní théann sé le cialll go bhfuil scrios ar an soláthar.

“Nuair a bhaineann tú ó shaol Gaeilge Bhéal Feirste, tá tú ag baint ón eacnamaíocht áitiúil agus ó shaol cultúrtha na cathrach. Sílim go bhfuil dualgas ar an Ollscoil athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh,” arsa Ó Donnghaile.

Aisfhreagra na hOllscoile

Dúirt urlabhraí de chuid na hOllscoile le Meon Eile go mbeidh an chéim sa Ghaeilge go fóill á tairiscint acu ar bhonn páirtaimseartha agus nach féidir leo pacáistí scarúna i measc a rannóg éagsúil a phlé.

“Irish Language and Literature was offered previously at Ulster University’s Belfast and Magee campuses on both a full-time and part-time study basis. Irish Language and Literature full-time courses were consolidated at the Magee campus last year; however Irish Language and Literature can still be studied at the Belfast campus on a part-time basis.

The University has just concluded a Voluntary Severance programme across all six faculties which resulted in 148 staff having their applications for Voluntary Severance approved and we cannot go into further detail as to how individuals within specific departments may have been affected. Ulster University has fully followed its processes and procedures, and has consulted with the relevant unions throughout.”

Ollscoil Uladh agus ciorrú na céime
Ollscoil Uladh agus ciorrú na céime

Ciorrú Ollscoil Uladh: Cúlra na bunchéime Gaeilge i mBéal Feirste

Chuir Ollscoil Uladh tús leis an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13. Bhíodh Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge suite i gCúl Raithin, aistríodh é chuig campas Mhig Aoidh i gcathair Dhoire in 2013.

Le haistriú na Scoile Gaeilge ó Chúl Raithin go Doire, thit líon na mac léinn a raibh cead acu tabhairt faoin chéim sa Ghaeilge ó 25 go 20 duine.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin gur lorg 56 iarrthóir áit ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste anuraidh, “rud a léiríonn an bhearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo ar aghaidh”.

In ainneoinn infheistíocht chaipitil na hOllscoile, tá ciorrú na céime lánaimseartha mar chuid de mhórchiorrú atá á dhéanamh ag an Ollscoil ar fud na cúige.

D’fhógair Ollscoil Uladh ciorrú ar 1,200 áit ollscoile sna sála ar chiorrú beagnach £9 milliún a rinne an t-iarAire Fostaíochta agus Foghlamtha Stephen Farry ar a bhfóirdheontais anuraidh. Tháinig an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste faoi thua na gciorruithe seo.

Close
Close