Tháinig muintir Fhóram na nÓg le chéile ar na mallaibh le Cairt Óige a sheoladh i nGael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste.
Na sé éileamh a chuireadh i láthair ar an oíche maidir leis an earnáil óige Gaeilge ná: Guth na nÓg & Cumhacht, Infheistíocht don Obair Óige Ghaeilge, Maoiniú áitiúil chun freastal ar riachtanais áitiúla, Cosaint i bPolasaí Óige, Cur i bhfeidhm na Straitéise Gaeilge, agus an Obair Óige i bPleanáil Gaeloideachais.
Táthar ag súil go mbeidh ról níos lárnaí ag na daoine óga a bhíonn ag freastal ar na cumainn óige sa phróiseas déanta cinntí trí chéile. Tá cumas den scoth ag na daoine óga féin agus tá an saineolas acu féin maidir leis an tseirbhís oibre óige i nGaeilge de bharr an taithí atá bailithe acu bliain i ndiaidh bliana.
Bhí guth lárnach ag na daoine óga ag an seoladh, áit ar labhair ceathrar óg ar na héilimh. Bhí neart aíonna i láthair ag an imeacht chomh maith, Ardmhéara Bhéal Feirste, Róis Máire Donnelly, Gerry Carroll ó Phobal Seachas Brabús, Coimisinéir Thuaisceart Éireann do Pháistí agus Daoine Óga, Chris Quinn, agus an tAire Sóisearach, Aisling Reilly ina measc.
Labhair Meon Eile le Cuisle Nic Liam agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin ar an oíche, chomh maith le beirt óga, Teagan agus Connla, atá ag dúil le plé a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile atá de dhíth leis na héileamh a chur i bhfeidhm. Bhí deis againn labhairt le Aisling Reilly fosta.


