Ciarán Dunbar
Bhí an taidhleoir Meiriceánach an Dr. Richard Haass sa Tuaisceart an tseachtain seo agus é ag iarraidh tús a chur le cainteanna ilpháirtí a mbeas sé féin ina chathaoirleach orthu.
Tá sé de chuspóir ag na cainteanna seo réiteach a fháil ar roinnt ábhair atá ina gcnámh spairne i gcónaí, leanann na cainteanna seo bliain d’agóidí dílseacha agus samhradh ina raibh círéibeacha agus corraíl ar fud na Sé Chontae agus i mBéal Feirste go háirithe.
Tá sé maite aige an tseachtain seo go bhfuil diongbháilteacht ann chun “fíor-dhul-chun-chun a dhéanamh.”
Nuair a cuireadh ceist air arbh fhéidir leis spriocdháta na gcainteanna a bhaint amach, d’fhreagair an Dr. Haass : “Tá mé ar an bhealach cheart i gcónaí agus tá mé tiomanta deireadh a chur leis seo, más féidir ar chor ar bith, idir seo agus deireadh na bliana féilire.”
Is taidhleoir é Haass a bhfuil a lán taithí aige, tá sé i gceist aige réitigh a fháil ar mhéid ábhair dheacra : paráidí, bratacha agus ar “conas plé leis an stair.”
Ach cheana, is gann na tráchtairí a bhfuil aon dóchas acu go n-éiríodh le Haass mórán eile seachas forógra siombalach a bhaint amach nach réiteofar dada san fhadtréimhse.
Bheadh an saol mór nach bhfuil mórán cur amach acu ar na Sé Chontae, bunús mhuintir an Deiscirt san áireamh ag smaoineamh : Ach nár réitíodh an choimhlint seo le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998?
Déanta na fírinne, réitigh agus níor réitigh. Is an fhadhb a bhí is atá leis an chomhaontú sin ná nach bhfuil ann ach seachaint, comhaontú gan aontas is chun gan aontú.
Tá ráiteas sa Ghaeilge, má chuireann rudaí ar an mhéar fhada, sa deireadh thiar thall, cha bhíonn an mhéar sin fada go leor, tháinig an lá sin bliana ó shin nuair a tháinig géarchéim na brataí chun cinn.
Rinne náisiúntóirí ar Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste iarracht deireadh a chur leis an chleachtas go mbeadh Bratach na Breataine ar foluain 24/7, 365 lá sa bhliain. Ghlac siad le comhréiteach a mhol an Alliance Party sa deireadh, chun an bhratach a chur ar foluain ar laethanta ‘ceaptha’ nó ‘ainmnithe’ amháin, ‘designated days’ mar a chuireann an Béarla air.
Is é sin le rá í a chur ar foluain ar laethanta speisialta poiblí amháin, tuairim air 21 lá sa bhliain, sin an nós a leantar sa Bhreatain í féin.
Níor ghlac aontachtóirí leis an chinneadh sin agus muise, rinne agóideoirí dílseacha iarracht an Halla a éigniú agus an t-ábhar á phlé ag na comhlairleoirí.
Míonna fada d’agóidí an toradh a bhí air sin, cáil acu foréigneach. Bhí na hagóidí seo á stiúradh ag paraimílitigh dílseacha go pointe, cé go raibh urlabhraí ar nós Willie Fraser agus Jamie Bryson chun tosaigh.
Is ceapa magaidh iad an dís seo do náisiúntóirí i gcoitinne, agus do go leor aontachtóirí fiú, ach níl aon amhras ann ná go gcuireann an bheirt acu dearcadh in iúl atá coitianta i measc phobail dhílseacha an Tuaiscirt.
Ar an láimh eile, tá náisiúntóirí, Sinn Féin agus an SDLP, den dearcadh gur cheart go mbeadh cothrom na Féinne ann do shiombail polaitiúla an phobail náisiúnaigh, nó, mura féidir sin – neodracht.
Is é an tuiscint atá ag dílseoirí ar an seasamh seo ná gur cuid de ‘chogadh cultúir’ é. Tá siadsan den tuairim go bhfuil cogadh cultúir á chur orthu agus gur cheart go nglacfadh náisiúntóirí gur chóir go mbeadh lámh in uachtar ag siombalachas agus cultúr na Breataine sna Sé Chontae mar gheall ar stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe.
D’fhógair Nelson McCausland ón DUP go raibh cogadh cultúir ann i 2007 agus go raibh iarrachtaí chun Acht Gaeilge a bhaint amach ina chuid den chogadh sin, bhí sé féin den tuairim gur chuir Sinn Féin tús leis an chogadh sin i 1982 nuair a d’fhoilsigh siad leabhrán conspóideach ar an Ghaeilge.
Creideann dílseoirí chomh maith gur cheart go mbeadh saoirse iomlán acu a gcuid paráidí Oráisteacha a reáchtáil de réir a dtoil féin, cibé áit agus cibé am a ba mhaith leo. Deir siad gur cuid dá gcultúr iad na paráidí sin agus go mbaineann an cheist le saoirse cainte agus tuairimíochta.
Creideann náisiúntóirí áfach go bhfuil go leor den chultúr sin mí-ghlactha ar an ábhar go mbíonn foréigean agus/nó meon foréigneach bagartha caithréimiúil ag baint leis go minic agus go gcothaíonn siad iompar seicteach agúis frithshóisialta.
Mar sin de, tá náisiúntóirí den tuairim gur cheart go mbeadh srianta orthu agus gur chóir go mbeadh cead an phobail áitiúil acu má tá siad ag iarraidh máirseáil tríd nó gar do cheantair ina bhfuil tromlach na ndaoine ina náisiúntóir iontu.
Is í an fhadhb eile atá gan réiteach ná ‘an t-am atá caite’ (‘the past’) nó conas comhthuiscint ar an stair a chruthú.
Measann go leor tráchtairí, an scríbhneoir seo ina measc, nach féidir le dhá ghrúpa le dearcaí scartha agus atá na céadta bliana d’aois teacht ar chomhthuiscint ar an stair ach éilíonn ‘Tuaisceart Éireann Oifigiúil’ agus eilimintí istigh den bhunaíocht sin mar chuid d’iarrachtaí chun chomhfhéiniúlacht ‘Thuaisceart-Éireannach’ a dhaingniú – is é bun agus barr an scéal ná gur ionann é agus iarracht iachall a chur ar an IRA agus a gcomhthaistealaithe a admháil go raibh siadsan go hiomlán mícheart, ní móide sin.
Cur síos níos cruinne ar an staid reatha ná an ‘cogadh cultúr’ a mhaíonn dílseoirí atá ann ná go bhfuil náisúintóirí agus Sinn Féin go háirithe tar éis gníomhú i gcoinne shiombail pholaitiúla aontachtacha chun an fhíric lom gur theip orthu aontacht na hÉireann, cothrom na Féinne d’fhéiniúlacht Éireannach Gaelach agus cothromaíocht i dtéarmaí soc-eacnamaíochta a bhaint amach tríd is tríd.
Chan fhuil aon bhagairt ann ar chor ar bith do stádas an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe d’ainneoin nach bhfuil ach 48% den daonra ina mBriotanaigh, tá an céatadán céanna ina bProtastúnaigh. Dar le pobalbhreitheanna áirithe, thiocfadh le tacaíocht d’Éire Aontaithe a bheith chomh híseal le 4%.
Mar sin féin, ní chuireann aontachtóirí mórán dóchas sna figiúirí seo mar glacann siad go bhfuil siad chomh híseal sin mar thoradh ar dheacrachtaí eacnamaíochta i bPoblacht na hÉireann, agus cé gur féidir Caitliceach nach náisúntóir é, ní dócha go mbeadh an duine sin ina Ghéillsineach dílseach de chuid bhanríon Shasana, Elizabeth II.
Agus is é lom na fírinne ná go raibh an bua ag an aontachtachas ó thaobh na coinbhleachta de amach is amach, ach gur éirigh lena síor-reacaireacht uafáis cur ina luí ar roinnt mhaith den phobal aontachtach nach amhlaidh atá.
Nuair a cuirtear an anailís seo os comhair dílseoirí den lucht oibre áfach, cuireann siad ceist shimplí mar fhreagra.
“Cén fáth mar sin, a bhfuil Martin McGuinness, duine a d’admhaigh go raibh sé ina bhall sinsearach den IRA, ina leas-Chéad-Aire ar Thuaisceart Éireann, tír S’ACUSAN.
Is é an freagra simplí ar sin ar ndóigh ná go bhfuil mandáid daonlathach aige faoi na socruithe cumhachtroinnte a aontaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Is iad na socruithe sin atá dílseoirí ag iarraidh a scriosadh anois, ar an ábhar go bhfuil Martin McGuinness ina leas-Chéad-Aire “ar a dtírse.”
Ach déanta na fírinne, is í an cheist a bhfuil tromlach na n-aontachtóirí á cur orthu féin ná – “Cén cuma a bheas ar bhua amach is amach – nó cá mhéad den Phróiseas Síochána™ ar féidir leo a bhaint as a chéile chun cúlú siar a dhéanamh ar na tairbhí beaga bídeacha a bhain náisiúntóirí amach.
Déantar dearmad go minic nár vótáil ach tuairim ar 50% den phobal aontachtach ar son an Chomhaontú agus go raibh, is go bhfuil, an páirtí aontachtach is mó, an DUP, i gcoinne an Chomhaontú.
Is beag duine a chreideann gur féidir leis na deacrachtaí atá ann san am atá i láthair splanc a chur le foréigean forleathan ach creideann go leor daoine gur féidir go leanfaidh caidreamh idir an dá phobal ag dul ó mhaith agus gur féidir leis sin dochar a dhéanamh do bhunús na síochána ó thuaidh.
Cibé léamh atá ag daoine ar an scéal, is féidir le gach duine aontú go bhfuil obair chrua roimh an Dr. Haass.