An dochar a rinneadh do phobal na hEaglaise

Katie McGreal

Thóg mo thuismitheoirí mar Chaitliceach mé ionas go mbeadh féiniúlacht agam.

Glacadh ar aifreann gach seachtain mé, rinne mé mo Chéad Chomaoineach agus mo Chóineartú.

Ach de réir mar a d’fhás mé aníos thosaigh mé ag smaoineamh faoin ‘gcreideamh’ seo a cuireadh orm.

Ní raibh mé ró-chinnte ar aontaigh mé leis – ag dul ar aifreann gach seachtain, ag leanúint na 10 n-aithne, ag dul go faoistin, ag creidiúint sa mhéid ar fad gan é a cheistiú (sin rud a dúirt múinteoir liom nuair a bhí mé 10 mbliain d’aois).

Nuair a fuair mo shean-aintín bás nuair a bhí mé 17 mbliain d’aois áfach, thiontaigh mé ar ais ar an gcreideamh.

Ní raibh mé ag iarraidh a bheith mar dhuine de na daoine sin a labhraíonn le Dia díreach nuair a bhí sé uaim amháin.

Cé nach dtéim ar aifreann gach seachtain creidim i nDia.

Ní chreidim go gcaithfidh tú dul ar aifreann le labhairt le Dia agus ní chreidim go rachaidh mé go hifreann muna gcreidim sa mhéid ar fad agus má chuirim ceisteanna.

Domsa, ní ionann Dia agus an Eaglais Chaitliceach.

Is maith liom dul ar aifreann toisc go gcuireann sé mo bhaile agus mo shean-mhuintir i gcuimhne dom ach ní chreidim go gcaithfidh mé dul ann gach seachtain agus gur sin an t-aon bhealach le Dia a shásamh.

Mar sin, nuair a tháinig gach rud amach faoi mhí-úsáid páistí san eaglais, chuir sé déistin orm agus chaill mé neart misnigh san eaglais agus san institiúid féin.

Níor chaill mé misneach i nDia áfach.

Rinne mé clár raidió do Raidió Fáilte tamall ó shin faoin dochar a rinne an eaglais di féin agus faoin tionchar a bhí ag an dochar sin ar phobal na heaglaise.

Tá aithne ag m’aintín ar sheanfhear a chreid i nDia agus san Eaglais Chaitliceach ar feadh a shaoil ach nuair a tháinig gach rud amach faoi mhí-úsáid páistí agus é ag teacht chun deireadh a shaoil, bheartaigh sé gan a bheith curtha i reilig.

Domsa, is scéal iontach brónach é sin.

Chaill sé an rud ar chreid sé ann ar feadh a shaoil de bharr rudaí a rinne lucht na hEaglaise, ní Dia.

Ní hionann na sagairt, na heaspaig, an Pápa agus Dia.

Ach in Éirinn, bhí an oiread sin cumhachta ag an Eaglais go raibh ar dhaoine creideamh a bheith acu sa scéal ar fad.

Ní raibh an rogha acu mar gheall ar Dhia nó creideamh agus bhí an stát é féin faoi smacht na hEaglaise ar feadh blianta fada.

Mar sin, tuigim cén fáth ar chaill sé a mhisneach san institiúid ach bhí mé ag iarraidh fáil amach, an sin an bealach a smaoinigh daoine eile.

Labhair mé le han-chuid daoine ar an ábhar seo agus chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a labhair mé le grúpa spioradálta i mBéal Feirste.

Dúirt siad liom nár chaill siad a muinín as Dia.

Bhí díomá orthu faoin eaglais ach fós chreid siad go láidir i nDia.

Nuair a d’inis mé an scéal faoin seanfhear sin dóibh, dúirt siad nár thuig an fear seo Dia agus creideamh mar is ceart.

Shíl na daoine seo go láidir go dtiocfadh an Eaglais ar ais ní ba láidre i ndiaidh na peacaí seo a bheith i mbéal an phobail.

‘Why all the secrecy? Why all the mystery? If the guy exists why does he never show himself and prove it? And if he doesn’t exist what is the meaning of all of this?’

Sin píosa cainte ó Calvin sa chartún, ‘Calvin and Hobbes’.

Bhí sé ag caint faoi Dhaidí na Nollag ag an am ach ag deireadh an phíosa deir sé go bhfuil na ceisteanna céanna aige faoi Dhia.

Seo ceann de na rudaí is fearr liomsa faoi Dhia – domsa is neacht é Dia atá in ann gach rud a fheiceáil ach ní bhíonn sé ag breathnú an t-am ar fad.

Éisteann sé leat aon am atá tú ag iarraidh labhairt leis agus cabhróidh sé nuair atá sé in ann, agus fiú muna bhfuil sé in ann, deirtear go gcabhraíonn sé má labhraíonn tú faoi fhadhbanna atá agat.

Tharla drochrud amach is amach san Eaglais Chaitliceach agus caithfidh siad déileáil leis ach ní chiallaíonn sé sin go ndearna Dia aon rud agus níor cheart go gcaillfeadh daoine misneach i nDia dá bharr.

Close
Close