Seoladh leabhair: Féile Voices at 30

Tá Féile an Phobail i mBéal Feirste anois 30 bliain ar an fhód agus mar chomóradh air sin cuireadh leabhar cuimhní cinn i gcló a léiríonn eispéireis phearsanta an lucht eagraithe, na gceoltóirí agus an ghnáthphobail ar an fhéile ón tús sna 80í go dtí an lá atá inniu ann. 

Seoladh an leabhar mar chuid de thionscadal níos leithne i gColáiste Ollscoile Naomh Muire inár taispeánadh físeán, ealáin agus suíomh cartlainne.

Is iad na daoine féin a scríobh na cuimhní cinn, le réamhrá cuimsitheach ó stiúrthóirí an tionscadail agus eagarthóirí an leabhair, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Michael Pierse, a rinne an taighde i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Banríona.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun teacht ar chartlann an phobail, téigh go dtí http://www.feilebelfasthistory.com 

Close
Close