Scéim Samhraidh i gCluain an Bhogaidh

Le blianta beaga anuas, bhí a lán iompraíocht fhrithshóisialta i gCluain an Bhogaidh i mBéal Feirste agus tá an t-eagras ‘Ulster Wildlife’ ag obair go crua leis na fadhbanna sin a réiteach.

I mbliana tá scéim samhraidh ar siúl acu ar fud chúige Uladh agus réimse imeachtaí ar bun chun oideachas a chur ar pháistí faoin dúlra thart orthu.

Má thosaíonn na páistí ag foghlaim ag aois óg faoi na plandaí agus ainmhithe thart timpeall orthu, deir siad, beidh níos mo measa acu ar an áit.

Chuaigh Meon Eile chuig cuid de na himeachtaí seo i gCluain an Bhogaidh agus labhair muid le daoine ó Ulster Wildlife agus le cuid de na páistí a ghlac páirt ann.

Labhair siad faoin chraic a bhí acu agus an tábhacht leis na rudaí seo a theagasc. Agus cé go raibh an chuid is mó de na gníomhaíochtaí dírithe ar dhaoine óige, bhí spraoi agus oideachas ann do na tuismitheoirí agus daoine fásta fosta.

Leanann an scéim samhraidh seo go dtí an 8 Meán Fomhair agus beidh campa samhraidh ar siúl ón 13 go dtí an 17 Lúnasa, ó 10rn go 4in. 

Le níos mó eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.ulsterwildlife.org/whats-on

Close
Close