Bunscoill Ghaelgagh Oileán Mhanann ar cuairt ar Chontae an Dúin

Thug ranganna 6 agus 7 ó Bhunscoill Ghaelgagh Oileán Mhanann cuairt dhá lá ar Ghaelscoil na mBeann, Cill Chaoil i gContae an Dúin, an tseachtain seo caite.

Is mar chuid de Thioscadal Cholmcille atá maoinithe fríd an eagras Colmcille de chuid Fhoras na Gaeilge a reáchtáladh an teacht le chéile iontach seo idir an dá cheantar agus ba iad Rang 6 agus 7 ó Ghaelscoil na mBeann a bhí páirteach ann chomh maith. Thosaigh an cairdreamh dhá bhliain ó shin nuair a thug Gaelscoil na mBeann cuairt ar an Bhunscoill Ghaelgagh thall in Oileán Mhanann mar sin de bhí muintir Chontae an Dúin ar bís fáilte mhór roimh a gcairde Manannacha an uair seo. 

I measc na n-imeachtaí a eagraíodh bhí seisiúin CLG le coitseálaithe as Laochra Loch Lao agus East Belfast GAA, ceardlann hip-hop le Mícheál Ó Coigligh, seisiúin amhránaíochta agus damhsa céilí, mar aon le gníomhachtaí taobh amuigh ag Ionad YMCA áitiúil.

Chum an dá scoil rap dátheangach chomh maith, i nGaeilge agus i Manainnis, rud a d'ullmhaigh siad ó thús na bliana ar líne le chéile agus a cheol na páistí ar an lá.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil na mBeann ar an dara lá den chuairt agus bhí an deis againn labhairt leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar, Ruairí Ó Donnáin, agus le príomhoidí an dá scoil, Mícheál Ó Brádaigh agus Julie Matthews, faoin eispéireas agus faoin chomhpháirtíocht iontach atá forbartha acu. Labhair muid fosta le Zack agus Christoper ó Ghaelscoil na mBeann agus le Ferris agus Evie ón Bhunscoill Ghaelgagh. Labhair muid le Tricia Ní Chearra as CLG Uladh chomh maith.

Close
Close