D’eagraigh Gaels Against Genocide oíche tiomsaithe airgid ar son Gaza sa West Bar in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh.
Le linn na hoíche, bhí ceol le cluinstin ó Gerry Óg agus Spirit of Freedom. Bhí taispeántas rince Ghaelaigh le feiceáil chomh maith.
Bhí costas £10 ar na ticéid agus bhí ticéid crannchuir á ndíol ar an oíche fosta. Rachaidh ar tiomsaíodh i dtreo otharcarr máithreachais in Gaza; tá veain ceannaithe ag dream san Éigipt a gcuirfear an t-aonad máithreachais isteach inti. Agus an t-otharcarr réidh agus nuair a ligfear cúnamh isteach go Gaza, beidh criú in ann tiomáint isteach agus cúram a thabhairt do mhná atá ag iompar.
Labhair Meon Eile le Glen Phillips ó Gaels Against Genocide a phléigh an oíche agus na pleananna le haghaidh na veain.