Idir Mise agus Tusa - Ard Mhacha vs Tír Chonaill

Agus páistí óga gafa sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar chuig 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 5 sa tsraith.

Cé acu is fearr, Ard Mhacha nó Tír Chonaill? Príomhchathair eaglasta na hÉireann nó contae uasal sléibhtiúil na nDálach? Sin í an cheist atá idir camáin ag Lughaidh agus Emma in agallamh na seachtaine seo.

Close
Close