Idir Mise agus Tusa - An Bhean Fáistine

Tá súil á caitheamh siar againn ar 2015 agus chuig an tsraith ‘Idir Mise agus Tusa’. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 7 sa tsraith.

Is bean fáistine í ach cé chomh maith agus atá sí ag léamh na todhchaí? An gciallaíonn Rolls Royce saibhreas mór i gcónaí? An ionann grá agus saibhreas de chineál eile? Sin iad na ceisteanna móra atá in agallamh na seachtaine seo idir Aoife agus Caolán as Béal Feirste.

Close
Close