'Idir Mise Agus Tusa' - agallamh beirte Uladh

Agus páistí óga sáinnithe sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar ar 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa.

Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 1 sa tsraith.

Is iad na haisteoirí óga as Rann na Feirste, Rónán Mac Eamharcaigh agus Cathal Ó Cathasaigh, atá sa chéad agallamh inniu agus roghnaíodh iad as na scórtha páistí a ghlac páirt in éisteachtaí le bheith mar chuid den tsráith.

Ba é Ray Mac Manais, rí na n-agallamh beirte, a scríobh an chéad agallamh, scéal faoi rógaire atá i ndiaidh bás a fháil agus a bhuaileann le Naomh Peadar ag geataí na bhFlaitheas.

Tá ceisteanna móra le freagairt aige!

Close
Close