Féile na gCloigíní Gorma 2022

Le sé bliana anuas tá Féile na gCloigíní Gorma ag cur imeachtaí ar fáil do mhuintir Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste agus do chuaiteoirí ó níos faide i gcéin

Gníomhithe áitiúla ó Ghlór na Móna agus Ionad Pobail Newhill a reáchtálann an fhéile faoi scáth an tSléibhe Dhuibh, áit a mbíonn na cloigíní gorma féin ag fás. Spreagann an fhéile daoine le bheith airdeallach ar an timpeallacht agus le sult as bhaint as an dúlra trí imeachtaí atá faoi 3 théama ar leith: Pobal, Sláinte agus Dlúthpháirtíocht.

Thosaigh an fhéile Dé hAoine seo caite agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Sathairn 21 Bealtaine le cheolchoirm mhór i ndiaidh An Lá Dearg.

Agus imeactaí agus gníomhaíochtaí ann don teaghlach ar fad, bíonn craic den scoth ag an fhéile seo achan bhliain. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close