Féile Mhuirí an Fheabhail

D'fhill an Fhéile Mhuirí chuig Doire i mbliana tar éis sosa ar an bhliain seo caite.

Chuaigh an chathair in iomaíocht le cathracha móra an domhain ar nós Nua-Eabhrac agus Sydney chun féile seo na gclipéar a mhealladh chucu agus is léir go bhfuil Doire anois aitheanta go hidirnáisiúnta dá bharr.

Bua ollmhór a bhí ann don chomhairle áitiúil agus turasóirí meallta ó cheann ceann na háite, mar aon leis an phobal áitiúil.

Le bia idirnáisiúinta, siamaíocht agus ceardlanna ar siúl le linn na féile, bhí idir óg agus aosta amuigh ar thaobh na habhann chun sult a bhaint as an atmaisféar spraíúil.

Bhí Meon Eile i láthair chun blaiseadh a fháil den méid a bhí ar siúl... 

Close
Close