Dúch Fómhair do Dháithí

Is é 'Dúch Fómhair' an chéad leagan Gaeilge den dúshlán bliantúil a bhíonn ar siúl i measc lucht na healaíne, 'Inktober'.

An sprioc atá ag Tuathán Mac Eachaidh, múinteoir ealaíne i gColáiste Feirste, ná leas a bhaint as an ealaín dúigh chun aird a dhíriú ar an fheachtas Donate4Dáithí.

Gasúr óg é Dáithí Mac Gabhann a bhfuil croí nua de dhíth air agus tá a thuimitheoirí i mbun feachtais chun líon na ndeontóirí orgáin a ardú.

Le páirt a ghlacadh sa dúshlán dúigh seo níl le déanamh agat ach pictiúr dúigh a dhéanamh agus a chur ar na meáin shóisialta leis an haischlib #dúchfómhair.

Agus le cuidiú le feachtas Dháithí clibeáil @Donate4Daithi nó téigh go dtí https://www.facebook.com/Donate4Daithi/ 

Sluamhaoiniú: https://www.justgiving.com/crowdfunding/duchfomhairdodathai?fbclid=IwAR140athMeSVD70EsUEysEkNxNZphXQlYWVEQqE6yLzRbjnENN7kdSagdLw

FB: https://www.facebook.com/duchfomhair

Close
Close