Cúrsa podchraoltóireachta in Arás Raidió Fáilte

Chuir Raidió Fáilte cúrsa podchraoltóireachta ar siúl an deireadh seachtaine seo caite.

Ba chúrsa traenála é a dhírigh ar phodchraoltaí seachas ar chláir raidió, agus a bhí á theagasc ag Pól Ó Néill, oifigeach traenála Raidió Fáilte, agus ag Dónall Mac Murchaidh, iar-oifigeach traenála an stáisiúin.

Le linn an chúrsa, d’fhoghlaim siad siúd a d’fhreastail air faoin phróiseas podchraoltóireachta: é a phleanáil, a thaifeadadh, a chur in eagar agus a fhoilsiú, agus poiblíocht a dhéanamh faoi. Agus an traenáil déanta ag na rannpháirtithe, beidh fáilte rompu amach anseo podchraoltaí a thaifeadadh le Raidió Fáilte.

Labhair Meon Eile le Pól Ó Néill faoin chúrsa agus le Pádraig de Cléir agus Jasmine Nic Giolla Earnáin faoina dtáithí féin agus iad ag foghlaim.

Close
Close