Coiste na nGael Óg ar shiúl go Bostún le haghaidh Oíche Shamhna

D'imigh Coiste na nGael Óg, grúpa daoine óga ón eagraíocht óige i mBéal Feirste Fóram na nÓg, go Bostún SAM Dé Domhnaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Shamhna thall.

Tá sceideal lán ag na 14 dhuine óga agus na 4 bhall foirne agus iad ann ar feadh seachtaine. Beidh siad ag bualadh le grúpaí óige éagsúla agus i mbun imeachtaí suimiúla le linn na cuairte. Mar shampla, beidh an Coiste ag tabhairt léacht ar stair Oíche Shamhna agus ar stair na Gaeilge ag an Northeastern University, beidh 'bob nó bia' ar siúl acu in Salem, áit a bhfoghlaimeoidh faoi na trialacha clúiteacha, beidh siad ag siúl ar an 'Freedom Trail' agus ag bualadh le bundúchasaigh ón tréibh Wampanoag in Cape Cod.

Tá fás agus forbairt nach beag déanta ag na daoine óga seo ó thús a n-aistir le Coiste na nGael Óg agus neart oibre curtha isteach acu le hairgead a bhailiú don turas go Bostún. 

Buaileann siad le chéile go seachtainiúil agus tá cúpla turas inchónaithe déanta acu cheana ach is cinnte gur seo an turas is mó dóibh go dtí seo agus nach ndéanfaidh siad dearmad ar na cuimhní, ar na caidrimh ná ar an eolas a ghlacfaidh siad abhaile leo.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Ionad Pobail Ghlór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh an seisiún deireanach ar siúl acu roimh an turas go SAM. Labhair muid le Caoimhe Nic Cú Uladh, oibrí óige le Fóram na nÓg atá i gceannas ar Choiste na nGael Óg. Bhí an deis againn fosta labhairt le hOifigeach Oideachais Fhóram na nÓg, Conchuir Mac Siacais, chomh maith le Róise agus Gerard ón Choiste atá ag dúil go mór leis an eispéireas iontach atá rompu.

Close
Close