Cuireadh an tionscnamh ealaíon 'Say a Song' ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, den chéad uair ar na mallaibh. Tionscnamh é seo a dhíríonn ar an fhilíocht agus ar an fhís-fhilíocht le bealach a thabhairt d'ealaíontóirí comhaimseartha dul i ngleic le amhráin seán-nóis.
Tá an bhéim ar an scéalaíocht, gné insinte an amhráin agus an méid is féidir leis a insint dúinn faoi shaol an amhránaí. Sula raibh traidisiún liteartha in Éirinn, nó go deimhin traidisiún Béarla, bhí cleachtas saibhir béil againn ina raibh an focal labhartha, canta nó iontonaithe, lárnach. Insíonn siad go leor dúinn faoi thrioblóidí agus sólás sóisialta, eacnamaíoch agus pearsanta na ndaoine a chruthaigh agus a d’athchruthaigh iad. I gcásanna áirithe cé go bhfuil na céadta bliain caite ó cumadh amhrán, fanann gnéithe de riocht an duine seasmhach.
Mar chuid den tionscnamh tugann na príomhscríbhneoirí peirspictíocht úr ar scéalta eipiciúla na n-amhrán ar an sean-nós, á n-aistriú agus á n-athshamhlú ó Ghaeilge go Béarla do lucht féachana comhaimseartha, ag nascadh an ama atá thart agus an lá atá inniu ann i gceiliúradh bríomhar ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann.
Labhair Meon Eile le Doireann Ni Ghlacáin faoi thábhacht na ceardlainne i dtaca le heolas a thabhairt do daoine faoi na scéalta taobh thiar d’amhráin seán-nóis na hÉireann.