Ag cuidiú leis an mheabhairshláinte i nGairdín an Phobail

D'eagraigh an fhoireann ó PPR (Participation & Practice Of Rights) imeacht dar teideal 'Traveling Apothecary' ar na mallaibh mar chuid dá scéim 'New Script for Mental Health'.

Ag an ócáid, a bhí ar siúl i nGairdín an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste, d'iarr siad ar dhaoine teacht le chéile agus dánta a léamh, idir dhánta cáiliúla agus dánta a scríobh siad féin. 

Líonadh an áis phoitigéireachta le buidéil leighis, ach in ionad piollaí nó cógas, is iad na dánta a cuireadh isteach iontu.

Is fadhb mhéadaitheach sa Tuaisceart é mí-úsáid na ndrugaí oidis. Tá an ráta báis a bhaineann le drúgaí oidis níos airde anseo ná aon áit eile sa Ríocht Aontaithe nó ó dheas. Ba é aidhm na hócáide a thaispeáint go gcabhraíonn piollaí agus cógais le go leor daoine, ach uaireanta is féidir le focail oibriú mar mhodh míochaine fosta.

Chomh maith leis na dánta, bhí seastán tae luibhe ann le tae a rinneadh as an iliomad luibheanna agus duilleoga a bhí le fáil thart ar Ghairdín an Phobail. Rud eile é sin a chuidíonn leis an mheabhairshláinte.

Labhair muid le Sara Boyce ó PPR a thug cuireadh don phobal cuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin áit ar féidir leo a 'New Script' féin a chruthú. Is é is aidhm dó sin "script nua don mheabhairshláinte a fhorbairt i dteannta a chéile, bunaithe ar chearta an duine agus ar phrionsabail atá bunaithe ar thráma"

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin PPR anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

Close
Close