Seaghan Mac an tSionnaigh
Bhí ana-bhua ag an ndornálaí Tyson Fury i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Níorbh aon dóithín é a chéile comhraic, Deontay Wilder, ach an oiread. Spior spear a bhí déanta aige siúd de gach duine den daichead dornálaí eile lenar throid sé roimh chasadh le Fury. Comhscór conspóideach ba thoradh leis an gcéad troid idir Wilder agus Fury i mí na Nollag 2018, agus sular cuireadh tús leis an athimirt eatarthu go déanach Dé Sathairn seo a d’imigh tharainn, ba é Wilder fós seaimpín trom-mheáchain WBC an domhain.
Le Fury anois an gradam san. Leag sé Wilder ar fhleasc a dhroma dhá uair roimh don réiteoir deireadh a chur leis an dtroid sa seachtú babhta. “TKO” mar a déarfá.
Tréimhse dhá bhliain ar an drabhlás a bhí i ndán do Fury tar éis craobhacha éagsúla an domhain a bhuachtaint don gcéad uair ó Vladimir Klitschko na hÚcráine sa bhliain 2015. Bhí an t-iarsheaimpín Klitschko i dteideal a athimeartha leis, ach dob éigean do Fury an athimirt sin a chur ar ceal de bharr go raibh idir shnaois agus phórtar i ndiaidh an diabhal a dhéanamh ar a mheabhairshláinte agus ar a choimlíne. Léargas eile le fáil ar an dtaobh eile don bhfirinneacht thocsainaech ón scéal so, go deimhin.
Baineadh de Fury a chraobhacha agus a cheadúnas dornálaíochta, agus is gearr go rabhthas ag déanamh imní faoi go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin. Shéid sé amach ar fad - bhí 30 cloch meáchain curtha suas ag pointe amháin aige, agus b’shin an uair a taibhsíodh dó, más fíor, filleadh ar an gcró agus tabhairt fén Meiriceánach Deontay Wilder. Ar aghaidh leis ag traenáil agus do chaith sé de dhá chloch déag meáchain sa dá mhí dhéag roimis a theacht ar ais. Nách iontach an t-aiséirí atá curtha i gcrích ó shin aige.
Táid siad anois ag caint ar a bheith ag ullmhú i dtreo na craobhacha trom-mheáchain go léir a aontú. Craobh WBC, craobh The Ring, agus an chraobh trom-mheáchain “líneach” a bronnadh ar Tyson Fury de bharr a bhuaidh ar an deireadh seachtaine. I seilbh Anthony Joshua atá na craobhacha WBA, IBF, WBO, agus IBO. Buaiteoir na troda idir an bheirt sin, beidh gach aon chraobh trom-mheáchain ar iompar an uair sin aige, agus fógrófar é mar “curadh gan cheistiú” an domhain. Ní raibh a leithéid sa rannóg trom-mheacháin ann ó bhain Lennox Lewis an gradam céanna amach fiche bliain ó shin.
Amhail Lewis agus Joshua, is mar Shasanach a ghlactar le Fury, agus is mar “chluiche ceannais uile Breataine” a bheifear ag cur síos ar a throid i gcoinne Joshua. Tá ciall áirithe leis sin, b’fhéidir, ón uair gur i Manachain a saolaíodh Fury, gur ann a mhaireann sé fós, agus gur le blas de chuid na cathrach san a chuireann sé a shaindeisbhéalacht in iúl.
Ach tá taobh eile leis an scéal. Sloinne Gaelach is ea ‘Fury’ gan dabht, Ó Fíodhabhra an bunleagan, agus “lucht na bhfabhraí tiubha” is ciall leis - tá súil agam go maithfidh Kneecap an tsanasaíocht so dhom tar éis a bhfíseáin scigaithris le déanaí ó thaobh a bheith ag lorg céille in ainmneacha na réaltaí spóirt!
Ní hannamh brat na Poblachta taobh leis an Jaicín ar a bhríste beag ag Fury. Le dathanna Mheicsiceo, áfach, a mhaisigh sé a mhiotóga dá throid i gcoinne an tSualannaigh Otto Wallin, le hómós do Chogadh Saoirse Mheicsiceo. Straidhpeanna na Stát Aontaithe amanna eile aige.
Leis seo go léir, is é an smaoineamh ainrialach a ritheann liom féin ná gur pobal trasnáisiúnta iad lucht siúil na hÉireann, gan aon mhórbheann ar theorannacha stáit acu go minic. I gcarbhán a chaith Fury an chéad leath dhá shaol, cuirim i gcás. Éachtaint níos fearr ar an ngné seo dá chúlra, a thuill “The Gypsy King” mar leasainm do, le fáil óna athair féin mar chuid d’fhíseán oideachasúil YouTube arbh fhiú faire air.
Ach is cosúil, dar le halt a foilsíodh san irisleabhar spóirt ar líne The Irish Post, gur thar ceann na hÉireann a theastaigh ó Fury dul san iomaíocht mar chuid de Chluichí Oilimpeacha na bliana 2008. Faraor, bhí deacracht aige pas na hÉireann a fháilt do féin. Ó dhúchas an lucht siúil a shíolraigh an deacracht so.
Is ó Thuaim na Gaillimhe é a athair, agus ó Bhéal Feirste a mháthair, agus is go Sasana a d’imíodar ar imirce sular saolaíodh dóibh clann. D’fhág saol an lucht siúil gur síorthaisteal a bhíodh ar bun ag a dtuismitheoirí féin rompu. Iad gan aon fhianaise stáit dá bharr san a thacódh lena mhaíomh gurbh ó Éirinn iad in aon chor. Rud a bhí acu ná fianaise eaglaise, áfach, ach is cosúil ná glactar le cuntais de chuid na hEaglaise Caitlicí i gcásanna mar seo. Leis an Ríocht Aontaithe is mó a shamhlaítear Tyson Fury ó shin más ea.
Seanscéalta agus meirg orthu - drochmheas institiúideach ar lucht siúil na hÉireann, an talann is suntasaí sa tír á chur ó dhoras, agus Sasana ag leithghabháil phearsanra ár náisiúin. “Éire atá uaim”, arsa Fury, “ach nílimse féin ó Éirinn”. Fanfaidh Éire tamall eile ar sheaimpín trom-mheáchain an domhain dá cuid féin mar sin.
Pé stádas náisiúntachta a bhaineann leis an bhfear, is léir go bhfuil Fury sásta le páirt “Éireannach an stáitse” a ghlacadh - bhí san thar a bheith soiléir tar éis a bhuaidh ar Deontay Wilder oíche Dé Sathairn agus é ag cur le cliché an Éireannaigh cheolmhair ina óráid bhuacach. Leagan a capella de ‘Miss American Pie’ le Domhnall Mac Giolla Eáin a chualamar ó Fury agus a lucht leanúna glórmhar. Seisiún amhránaíochta den chineál a shamhlaítear leis an traidisiún Gaelach, mar sin, a chuir clabhsúr le oíche mhór chrústála eile san MGM Grand Garden Arena, i Las Vegas, Nevada.