Teanga chothrom

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní beag an t-ualach oibre a bheas ar an Choimisinéir Teanga nua má tá sé le dul i ngleic leis an bhiogóideacht i gcoinne na Gaeilge. Seans maith go bhfuil taithí ag Pól Deeds cheana ar na hargóintí bréagacha a thógtar le cur i gcoinne na teanga ach léiríonn an tráchtaireacht an tseachtain seo a chuaigh thart go bhfuil leibhéal nua binbe sroichte ag cuid mhaith de na páirtithe Aontachtacha ar an cheist. Agus bhí go leor acu ag déanamh aithris ar Jamie Bryson agus é ag fearadh cogaidh ar ‘mháirseáil leanúnach na náisiúnaithe’ ar sheónna Stephen Nolan.

Dhírigh an dream seo a ngoimh go príomha ar an pholasaí nua dátheangachais ar ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leis oíche Chéadaoin. Ar eagla gur thóg tú ó na meáin gur mian leis an bhardas cosc iomlán a chur ar an Bhéarla, rud a bheadh inleithscéil dá n-éistfeá le daoine mar Gavin Robinson, ceannaire an DUP, níl i gceist leis ach polasaí measartha siombalach le bogadh giota beag i dtreo an chothromais. Léirigh an daonáireamh is déanaí go bhfuil 15.5% den phobal a bhfuil tuiscint éigin acu ar an Ghaeilge agus is léir go bhfuil pobal mór eile atá iontach fabhrach don teanga.

Ag scríobh do bhaill an pháirtí, dúirt Robinson go raibh “cealú chultúr agus fhéiniúlacht na n-aontachtaithe” ar siúl leis an pholasaí seo agus dúirt sé go mbeadh sé contúirteach dá mbeadh ar fhoireann na Comhairle éide dhátheangach a chaitheamh in áiteanna áirithe sa chathair. Ghéaraigh na paraimíleataigh dílseacha an teannas nuair a dúirt siad go ndódh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh comharthaí dátheangacha orthu. An amhlaidh go dtig le drong mangairí drugaí polasaí poiblí a threorú anois agus cosc a chur ar an Ghaeilge?

Cén sórt todhchaí a bheadh i ndán don teanga dá mbeadh cead a gcinn ag an dream dúr seo? Bheadh cead againn Gaeilge a labhairt i gcúinní príobháideacha ach ní bheadh cead an teanga a léiriú ar dhóigh ar bith poiblí. Sin an rogha atá romhainn anois. Is truacánta gurb é seo mar a phléitear le cothromas sa chuid seo den tír agus is áiféiseach an dóigh ar nascadh cearta teanga leis an iarratas go siúlfadh an tOrd Buí síos Bóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin.

Is forásach agus is cothrom an polasaí nua atá ag an Chomhairle, polasaí atá bunaithe ar chomhairliúchán leis an phobal, na daoine a íocann na rátaí. Deirtear gur mionlach é an líon daoine a labhraíonn Gaeilge ach sin go díreach an rud atá i gceist le cearta mionlaigh, cosnaíonn siad mionlach leochaileach nach bhfuil tromlach aige. Is coincheap é seo atá aitheanta ar fud an domhain mar dhóigh le cearta pobail éagsúla a chosaint. Ní bagairt do dhream ar bith é.

Is olc an mhaise é do na páirtithe Aontachtacha go bhfuil siad chomh díograiseach sin sa chogadh chultúrtha seo. In ionad daoine a mhealladh chuig an Aontachtas mar rud dearfach a neartaíonn cearta gach duine, tá na hAontachtaithe ag cur daoine ó dhoras san fhócas seo ar pholaitíocht na deighilte. Is beart é nach mbeadh as áit i Meiriceá Donald Trump agus is beart é atá chomh gránna le rud ar bith dá ndearna sé.

Tá na hAontachtaithe ag bagairt ‘glaoch isteach’ go fóill, rud a d’fhágfadh an polasaí nua gan bhrí ar feadh tamaill ach ní féidir an bogadh i dtreo cothromais a stopadh anois. Ná déantar dearmad go bhfuil stádas oifigiúil ag an Ghaeilge ó thuaidh anois agus beidh dualgais ag gach eagras poiblí plean a chur le chéile maidir le cur chun cinn na teanga. Is fearr má dhéantar na rudaí seo go stuama agus i gcomhar leis an phobal seachas mar chuid den chogaíocht chultúrtha atá ar siúl faoi láthair ag na hAontachtaithe.

Díolann lucht na Gaeilge a gcuid cánach amhail gach duine eile agus tá an ceart againn seirbhísí a iarraidh inár rogha teanga. Ná ligimis don dream dúr an díospóireacht a thiontú ón mhéid sin agus conspóid bhréagach a dhéanamh den teanga. Cé go bhfuil tréimhse fáis roimh an Ghaeilge, ní mór dúinn bheith ar ár n-airdeall go fóill.

Close
Close