Tá taobh eile de scéal na hÚcráine ann

Eoin Ó Murchú

Is dona an rud é cogadh – san Úcráin, sa bPalaistín, in Éimin, san Afganastáin nó aon áit eile. Faigheann daoine bás go róluath, agus fágtar brón is fonn díoltais ina dhiaidh.

Tá comhbhá againn ar fad le muintir na hÚcráine agus comhbhá freisin leo siúd a chónaíonn sa Donbas agus sna bailte Rúiseacha atá gar don teorainn, daoine atá faoi ionsaí sliogán le roinnt blianta.

Ach dar leis an mbolscaireacht a dhéantar sna meáin, tá na naoimh ar thaobh amháin agus na diabhail ar an taobh eile. Ní nach ionadh is iad na Rúisigh na diabhail sa scéal a fhaigheann muidne.

Ní thráchtann na meáin anseo ar na cúiseanna a bhí taobh thiar den choimhlint, na ar na héilimh a dhein na Rúisigh i dtaobh na hÚcraine. Tá siad le cáineadh agus níl aon spás ann do thuairimí eile.

Ar ndoigh, níl an scéal chomh simplí is a deirtear.

Ar dtús, bhíodh sé éasca an cogadh seo a sheachaint ar fad. Ní raibh ag teastáil ón Rúis ach geallúint nach mbeadh an Úcráin páirteach in NATO agus nach mbeadh ionaid mhíleata ag NATO a bhfuil diúracáin acu a d’fhéadfadh Moscó a bhualadh taobh istigh de dheich nóiméad.

Dhiúltaigh NATO don gheallúint seo agus dhiúltaigh siad labhairt faoin ábhar imní a bhí ar an Rúis.

Mar a tharla, shínigh an Úcráin Comhaontú i Minsc, comhaontú idir an Rúis, an Úcráin, an Ghearmáin agus an Fhrainc (ní raibh aon pháirt ag SAM ann). Sa gcomhaontú seo glacadh leis go mbeadh féinriail ag na ceantracha sa Donbas (a mbreathnaíonn na daoine ann orthu féin mar Rúisigh agus a labhraíonn Rúisis) agus go mbeadh focal coisc acusan ar aon iarracht le dul isteach in NATO nó san Aontas Eorpach.

Is é sin, bhí comhaontú ann a d’fhéadfadh síocháin a chinntiú agus cogadh a sheachaint.

Ach níor cuireadh an comhaontú i bhfeidhm. Níor thaitin sé le SAM, a bhí ag iarraidh scéal na hÚcráine a úsáid le briseadh idir an Eoraip agus an Rúis a spreagadh. Dhein Cív mar a theastaigh ó Washington.

Ta gné eile den scéal seo is cóir a lua.

I dtoghchán i ndiaidh toghcháin san Úcráin, don uachtaránacht nó don pharlaimint, bhí an tír scoilte idir iad siúd san Oirthear a dteastaigh cairdeas leis an Rúis uathu agus an dream san Iarthar a bhí ag claonadh i dtreo an Iarthair. Sa gcianiarthar, sa nGailís, bhí an seanfhaisisteachas láidir, agus is ann a dhéantar comóradh poiblí ar Stepan Bandera agus ar na Reisimintí Úcránacha den SS. Ar ndóigh is é an SS Úcránach a rinne an cinedhíothú ar na Giúdaigh san Úcrain.

In 2010, sa toghchán uachtaránachta, fuair Viktor Yanukovych (a bhí báúil leis an Rúis) 45% den vóta in aghaidh 42% do Yulia Tymoshenko (a bhí frith-Rúiseach agus báúil leis an Iarthar).

Ach in 2014 cuireadh Yanukovych as oifig, ní trí thoghchán ach trí coup ar na sráideanna, ar an Euromaidan, agus páirt lárnach ag na Faisistithe sa gcoup.

Bhí na Faisistithe ag iarraidh iachall a chur ar dhaoine an Úcrainis a labhairt leis an stát, fiú mura raibh Úcráinis acu. Níor thaitin sé sin le daoine sa Donbas nó in Odessa gan amhras.

Sa gCrimé, ar ndóigh, ba Ruisigh gan aon bhaint acu leis an Úcráin 66% den daonra. Agus is ann bhí na hionaid chabhlach ag an Rúis in Sevastopol. Chinn an Chrimé filleadh ar an Rúis, ar cuid de í ó 1783 go dtí 1954.

Ach cé gur toghadh Volodomyr Zelenskiy ar chlár síochána, is in olcas a chuaigh an scéal agus bagairt láidir ann go bhfaigheadh NATO greim ar an stát.

Ó thaobh na Stát Aontaithe de, ní dóigh liom ámh gur san Úcrain a bhí an spéis is mó acu, ach sa gcaidreamh trádála idir an Rúis agus an Ghearmain a bhí ag dul i méid.

Bhí faitíos orthu go gcaillfeadh Meiriceá a ghreim ar an Eoraip ar fad dá bhfásfadh an caidreamh úd.

Bhí na Meiriceánaigh meáite mar sin ar stop a chur leis an bhfiontar Nordstream 2 a thabharfadh gás go díreach ón Rúis go dtí an Ghearmáin, rud a threiseodh an caidreamh Rúiseach-Gearmáineach.

Gheall Biden go gcuirfeadh sé stop leis an bhfiontar, agus tá sé sin bainte amach aige – go sealadach ar aon nós – mar chuid de na smachtbhannaí ar an Rúis.

Mar sin, sula dtéann muid thar fóir ag ionsaí na Rúise, b’fhéidir gurbh fhiú breathnú go neamhspleách níos doimhne isteach sa scéal.

Ba í mo mháthair a mhol domsa agus mé óg gan aon rud a scríobhadh sna nuachtáin Shasanacha a chreidiúint. Molaim daoibhse, a chairde, glacadh leis an moladh sin.

Close
Close