Straitéis Fiche Bliain – Cén Straitéis Fiche bliain?

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Ciarán Dunbar

Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh daoine ann nár chuala faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge riamh, nó a bhfuil dearmad déanta acu air, mar is beag dul chun cinn a rinneadh ó foilsíodh é in 2010.

Níor chuala mé aon duine ag caint faoi sa Ghaeltacht riamh agus ní minic a luaitear é ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta fiú – ní dóigh liom go nglacann duine ar bith mar iarracht ionraic é.

Tá sé glactha go forleathan ag pobal atá buailte síos go mór nach bhfuil ann ach cur i gcéill agus ceap magaidh agus sin a raibh ann riamh.

Ní dóigh liom go bhfuil an léamh sin iomlán ceart áfach.

Caithfidh muid glacadh leis go bhfuil daoine maithe ionraice sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair ar an Straitéis agus go raibh na polaiteoirí a cheap é báúil agus dáiríre faoin teanga.

Bheadh go leor daoine den tuairim go bhfuil mé thar a bheith soineanta a bheith ag smaoineamh mar sin ach déarfainn féin nach mbíonn aon toradh ar an tsoiniciúlacht shíoraí.

Tá an t-alt seo á scríobh agam do mhuintir na Sé Chontae go príomha, mar sin tá pointe tábhachtach le déanamh.

Tá bundifríocht idir Gaeil na Poblachta agus Gaeil na Sé Chontae.

Glacann Gaeilgeoirí sa Tuaisceart go bhfuil an stát, an córas agus srl. naimhdeach don Ghaeilge ar fad, sin d’ainneoin na fianaise go bhfuil aitheantas ag Gaelscoileanna agus go bhfuil airgead á chaitheamh ag an Ríocht Aontaithe ar an Ghaeilge le blianta.

Ach ó dheas, d’ainneoin na fianaise, glacann daoine go bhfuil an stát fabhrach don teanga agus níos tábhachtaí arís go bhfuil an stát freagrach as todhchaí na Gaeilge, uime sin, bíonn daoine ag súil le ceannaireacht ón stát ar an cheist.

Ábhar na Straitéise

Ach cad go díreach atá ann sa Straitéis? Seo an cur síos atá air ar shuíomh idirlín Roinn na Gaeltachta …

“Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn – cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta…”

An dtuigeann tú anois mar sin? Ná bí buartha, ní thuigim focal de sin ach an oiread.

Mar sin féin, tuigim go maith an abairt seo…

“Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a chur i gcrích.”

Is dóigh liom gurb é an focal ‘indéanta’ an ceann is tábhachtaí agus is dóigh liom gurb é sin an clásal éalaithe.

Tá cúlú eacnamaíochta ann agus níl duine ar bith ag súil go mbeadh an t-airgead céanna á chaitheamh ar an Ghaeilge mar a bhí.

Tá sé ráite ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich, “Is fíor gan amhras go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar a chaitheamh ar an Ghaeilge ón tréimhse ar foilsíodh an Straitéis in 2010.”

Ar bhealach, tá iontas orm go bhfuil an Roinn ag leanúint leis an Straitéis. Tá leithscéal den scoth acu chun éirí as leis an chúlú eacnamaíochta. Is ábhar dóchais éigin é go bhfuil sé fós ann.

Tá spriocanna na Straitéise i bhfad níos soiléire áfach:

• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000;

• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25%; agus

• an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga, a mhéadú.”

Aisling phearsanta Eamon Uí Chuív í an Straitéis, tuigtear gurb é féin a cheap an fhigiúir 250,000 de chainteoirí laethúil.

Tá an gníomhaire agus tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe ag scríobh faoin Straitéis le fada, in alt ar Beo.ie ar an mhí seo caite, scríobh sé, “Níl ardú mar sin ‘indéanta’. Seo é bun agus barr an scéil, ’sé sin go bhfuil sprioc sa Straitéis 20 Bliain nach bhfuil ‘indéanta’ agus tá ráite ag an rialtas nach ndéanfar ach ‘na spriocanna indéanta a sheachadadh’.”

Caithfidh mé a admháil, cé go bhfuil mé in amhras faoi cé chomh inbhainte amach is atá na figiúir seo, chan aontaím le Donncha. Cad chuige?

Is é an rud atá ann ná go bhfuil na cainteoirí líofa sin againn cheana, creidtear go bhfuil Gaeilge líofa ag 340,000 duine sa Phoblacht – an mbeadh sé dodhéanta, abair 100,000 acu seo a thiontú ina gcainteoirí rialta Gaeilge agus b’fhéidir ina gcainteoirí laethúla ina dhiaidh sin?

Bheadh sé an-deacair, go háirithe taobh istigh de 20 bliain, ach ní dóigh liom go mbeadh sé dodhéanta.

An Ghaeltacht

Is í an fhadhb mhór eile atá ag Donncha leis an straitéis ná ceist chigilteach theorainneacha na Gaeltachta.

Tá áiteanna sa Ghaeltacht oifigiúil gan aon chainteoirí dúchais fágtha iontu fiú ach theip ar mhisneach an rialtais dul i ngleic leis an fhadhb sin nuair a bhí an deis acu agus Acht na Gaeltachta 2012 á dhréachtú.

Ní féidir a bheith ag súil go mbeadh FíorGhaeltacht agus FíorGhalltacht ann gan BreacGhaeltacht a bheith eatarthu agus bheadh leisce orm féin oiread is cainteoir dúchais amháin a chaitheamh amach as an Ghaeltacht, ach is cinnte go mbeidh ar an rialtas dul i ngleic leis an fhadhb áirithe sin luath nó mall.

Mar sin féin, táthar ag tuar nach mbeidh aon Ghaeltacht ann i gceann fiche bliain, seans gurb í sin an réiteach deiridh a bheas ann ar an fhadhb.

Is í an deacracht is mó a bheadh agamsa leis an Straitéis ná an ról a imríonn Údarás na Gaeltachta.

Meallann Údarás na Gaeltachta jabanna chun na Gaeltachta – gan aon cheangal Gaeilge orthu i ndáiríre.

Mar sin, tá na céadta, na mílte daoine fiú, á mealladh chun cur fúthu sa Ghaeltacht gan aon Ghaeilge acu.

Dá mba rud é go raibh sé de pholasaí ag an stát an Ghaeilge a ruaigeadh as an Ghaeltacht, níorbh fhéidir leo gléas níos éifeachtaí ná an tÚdarás a cheapadh ach is í an eagraíocht atá i mbun an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht faoin Straitéis.

Tá sé an-deacair gan a bheith soiniciúil faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ag an phointe seo.

Bheinn den tuairim go ndéanfar dearmad air de réir a chéile agus nach mbainfidh sé fiche bliain d’aois amach choíche.

Close
Close