Aodhán Ó Baoill
Seo rud a mbím ag streachailt leis chóir a bheith gach aon lá na laethanta seo. Níl a fhios agam an bhfuil duine ar bith eile mar an gcéanna? Déanfaidh mé iarracht é a mhíniú anseo.
Oibrím sna meáin Ghaeilge, agus is breá liom mo phost. Bíonn rud difriúil le déanamh agam gach aon lá, bíonn deiseanna agam a bheith ag obair le saineolaithe agus laochra na teilifíse in Éirinn, agus foghlaimím scileanna úra gach aon lá chomh maith. Bíonn beagnach gach duine thar a bheith flaithiúil lena gcuid saineolais, agus bíonn muid ar fad ag tarraingt le chéile, a bheag nó a mhór.
Tá an t-ádh orm go bhfuair mé deiseanna iontacha go dtí seo san earnáil ghalánta ina bhfuil mé le cláir a chur i láthair, le taisteal a dhéanamh ar fud na tíre, agus le bualadh le daoine speisialta ó achan ghné den tsochaí. Oibrím le comhlacht léiriúcháin atá go hiontach ar fad, agus is áit í a mothaím compordach agus a bhfuil mé ag cur le mo chuid scileanna i gcónaí. Tá mé iontach go deo buíoch go bhfuil mé ag obair ann, agus tá súil agam go bhfuil mé ag cur leis an chomhlacht ag an am chéanna chomh maith.
Ach mothaím – uaireanta – nach bhfuil na rudaí seo uilig tuillte agam.
Tá an siondróm céanna orm le mo chuid Gaeilge chomh maith. Níor tógadh le Gaeilge mé, agus cosúil le gach duine nach cainteoir dúchais iad, d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, ar an ollscoil agus sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a rá go bhfuil leibhéal measartha maith agam anois, agus go bhfuil mé ábalta comhrá breá a bheith agam le cibé cainteoir a thagann i mo threo.
Ach go fóill féin bímse neirbhíseach anois is arís nuair atá Gaeilge á labhairt agam. Labhraím an teanga gach aon lá le daoine éagsúla ó gach cearn den oileán seo, ach bímse do mo cheistiú féin go minic faoi chúrsaí gramadaí, struchtúir srl. Rud atá intuigthe d’fhoghlaimeoir ar bith, is dócha.
Ach mothaím – uaireanta – nach bhfuil na rudaí seo uilig tuillte agam. Cad chuige?
Is cinnte gur fadhb phearsanta í. Ní bhaineann sé le duine ar bith eile seachas mé féin. Tá sé de cheart agam a bheith anseo, nach bhfuil? D’oibrigh mé go crua leis na deiseanna saoil seo a chruthú, cosúil le gach duine a bhain cloch mhílte éagsúla amach ina saol.
Dúirt col ceathrar liom roinnt blianta ó shin go raibh an fhadhb chéanna aige agus é sna fichidí. Cé go raibh a fhios aige gur fear cliste agus díograiseach a bhí ann, mhothaigh sé i gcónaí nach raibh spás tuillte aige ina ionad oibre, agus mhothaigh sé go raibh air iarracht ar leith a dhéanamh le meas a fháil ó na daoine a bhí thart air.
B’fhéidir go mbaineann sé leis na fichidí, go bhfuil muid go fóill ag oibriú amach cá háit a bhfuil an spás s’againne ar an domhan seo. Agus feiceann muid daoine eile atá ar comhaois linn agus iad faoi bhláth, agus mothaíonn muid gur chóir dúinne a bheith amhlaidh (tionchar na meán sóisialta, is dócha).
Cibé, tá mé níos airdeallaí air anois, agus tá mé i ndiaidh mo mhachnamh a dhéanamh air. Tagann ciall le haois, mar a deirtear, agus de réir mar a théim in aois, b’fhéidir go dtiocfaidh an chiall chéanna!