Ról an Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh: bímis airdeallach

Ciarán Ó Pronntaigh

Bhí mé ag caint le cara oíche Chéadaoin faoi chúrsaí Stormont. Bhí fearg air. Cad é atá ag tarlú ar son na Gaeilge? Cá bhfuil an tacaíocht a gealladh dúinn blianta ó shin? An freagra soineanta a bhí agam féin go raibh Sinn Féin agus an DUP i mbun an chomhrialtais le chéile agus go raibh cros ag an dá thaobh ar rud ar bith nach maith leo. An t-aon tionchar atá ag Sinn Féin ná a bhagairt go siúlfaidh siad amach, rud a chuirfeadh deireadh iomlán leis an Fheidhmeannas. Is é fírinne an scéil, a dúirt an cara, nach bhfuil de chroí ag Sinn Féin an fód a sheasamh.

Ní raibh sé leis féin sa bharúil sin. Cháin ceannaire an fhreasúra, Matthew O’Toole, An Clár Rialtais, a tháinig amach ag tús na seachtaine, ar go leor pointí ach luaigh sé go sonrach nár ceapadh Coimisinéir na Gaeilge agus nach raibh dul chun cinn á dhéanamh ar Straitéis na Gaeilge. Níor chuir Páirtí na Comhghuaillíochta fiacail ann ach oiread. Agus é ag caint in Stormont, dúirt leascheannaire an pháirtí, Eóin Tennyson, gurb é an bac atá ar an chomhrialtas, comhrialtas ina bhfuil a pháirtí féin, ná an DUP.

Tháinig an scéal faoi cheapachán an Choimisinéara Teanga aniar aduaidh ar gach duine nuair a tháinig sé amach go mall oíche Chéadaoin. Chuir lucht na Gaeilge fáilte roimh an chinneadh, ar ndóigh, cé go raibh fanacht na mblianta againn. Ach tá a lán ceisteanna fós le freagairt sula líonfar an post. Cad é go díreach an ról a bheas ag an choimisinéir nua agus cad iad na cumhachtaí a bheidh aici leis na húdaráis a chur ar an bhealach cheart ó thaobh na teanga de?

Go traidisiúnta, is é an ról a bhíonn ag coimisinéir teanga a sheiceáil go bhfuil na rialacha atá ann cheana á gcur i bhfeidhm agus cás lucht labhartha na teanga a chosaint mar ombudsman. Ach ní i gcónaí a bhíonn cumhachtaí an choimisinéara soiléir. Ná déanaimis dearmad go ndéanfaidh sí maoirseoireacht ar na daoine a cheap í - sa chás seo, Sinn Féin agus an DUP. Chomh fada siar le 2019, chuir Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg a míshuaimhneas in iúl faoin chur chuige seo agus an easpa neamhspleáchais a bhainfeadh leis an phost. Cearta an mhionlaigh á dtreorú ag an mhóramh an cáineadh a rinneadh ag an am.

Más é an ról a bheidh aici cinnte a dhéanamh de go gcuirfear cosaintí dlí teanga i bhfeidhm is beag obair a beas aici, is cosúil, nó is beag an chosaint atá ann. Níl sé ach seachtainí ó aisghaireadh an péindlí a chur cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh, mar shampla. Ar gach cuairt anseo, cáineann Coimisiún na Saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa údaráis na sé chontae as chomh tearc atá na cosaintí faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus chomh lag atá na cosaintí sin á gcur i bhfeidhm.

Tarlaíonn go bhfuil dréacht ann de chosaint i bhfad níos cuimsithí, Straitéis na Gaeilge, a bhí á dearadh ag ionadaithe ó phobal na Gaeilge le roinnt blianta anuas. Chuir an Feidhmeannas an Straitéis amach ar comhairliúchán ag deireadh na bliana anuraidh ach is ábhar imní é nár thug an t-aire atá ina bun, Gordon Lyons, freagra ar an cheist a chuir Sinn Féin air ag coiste Stormont maidir le hamlíne. Bás le faillí an Straitéis Ghaeilge atá ag an DUP, faraor.

Má amharcaimid ó dheas, chí muid go mbíonn srian go leor ar an Choimisinéir Teanga, agus sin i ndlínse ina bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga, de réir an Bhunreachta cibé. Bhí rudaí chomh holc ansin gur éirigh an Coimisinéir Seán Ó Cuirreáin as a phost in 2014 in agóid ar easpa gnímh an rialtais agus imeallú na teanga agus na Gaeltachta mar gheall ar an easpa gnímh sin.

Sa chomhthéacs seo, ní mór dúinn, mar phobal na Gaeilge, a bheith airdeallach ag an am seo. Má shíl cuid againn go raibh an cath buaite leis an cheapachán seo, b’fhéidir go raibh dul amú orainn. Ar an drochuair, níl anseo ach tús an chatha agus is mithid dúinn sin a thuiscint.

Close
Close