Michelle Nic Pháidín
Is muid amuigh ag siúl lá chuir bean nach raibh mórán aithne aici orm ceist orm faoi mo chuid páistí. Baineadh stangadh asam. Níl aon pháiste agam agus má bhí, bhuel, is cinnte go mbeadh Tusla sna sála orm go luath.
Seans maith faoin tráth seo nach mbeidh páistí agam ach ní raibh a fhios ag an bhean bhocht seo agus muid ag siúl ar thaobh an tsléibhe. Is é an rud ba mhó a chuir iontas orm nó an léim a bhain sí asam. Níor chuir duine ar bith ariamh ceist orm faoi mo chuid páistí aroimhe agus mar sin thom an cheist siar isteach i saol na smaointeoireachta mé.
An oíche sin, dhoirt mé amach gloine fíona agus mheabhraigh mé den chéad uair, go trom, ar gan bheith i mo mháthair. An ndéarna mé dearmad ar mo chuid páistí? Caidé a bhí caillte agam? Níor leag mé ariamh mo lámh ar bolg ag at le saol eile. Ní raibh a fhios agam cé acu girseach nó gasúr a bheadh agam, agus níos mó ná sin, ní bheidh freagra na ceiste sin agam go deo. Ní bhfuair mé deis culaith éadaigh ghorm, bhándearg nó bhuí a roghnu do mo thachrán. Níor bhris m’aghaidh le gaire thar na chéad focla, an chéad snag, na chéad choiscéimeanna - sin ábhar áthais nach lasfaidh mo shaol agus tá an solas sin ag dul as.
Anuas air sin tá ócáidí nach mbeidh agam, an chéad lá scoile, an chéad chomaoineach, an comhneartú, an céimiú agus mar sin de.
Tá páistí ag mórchuid de mo chuid cairde. I bhfírinne, silim gur phós duine nó dhó acu ionas go mbeadh páiste acu agus deireann siad gurbh fhearr leo a gcuid páistí lá ar bith thar na fir a phós siad. Sílim go bhfuil sreang imleacáin dofheicthe ann go deo idir máthair agus páiste; sreang atá déanta de ghrá agus de dhraíocht, sreang nach mbrisfidh an bháis nó an bheatha go deo.
Smaoinigh mé ar an bhaile agus ar an dóigh a bhfuil an t-aos óg uilig imigh as aithne agus den chéad uair thuig mé cad chuige. Tá aithne ag na teaghlaigh uilig ar a cheile de bharr a gcuid páistí - an chead ghlúin eile, teaghlach nach mbeidh mise páirteach ann.
Cé go raibh mise ag tógáil deis a bheith ag déanamh trua dom féin, rud atá annamh, rith smaoineamh liom faoi na máthaireacha seo ar tógadh a gcuid páistí uatha in áras máithreacha is leanaí na blianta ó shin. Ní thiocfadh liom a shamhailt. Do leanbh bheag féin a bheith stróicthe amach as do dhá lámh agus iad imithe, gan fios agat ar cá ndeachaigh siad nó cé acu beo nó marbh a bhí siad. Nó cé acu a bhfuil drochbhail orthu nó nach bhfuil. Dochreidte. Smaoinigh mé chomh maith orthu seo nach bhfuil ábalta páistí a bheith acu agus is cinnte go bhfuil sin ina uallach uafásach ag duine ar bith ar mhaith leo páistí.
Ach sin é - dóibh seo ar mhaith leo páistí. Ní raibh mise ariamh cinnte cé acu ar mhaith liom nó nár mhaith liom páiste nó páistí. Bíonn a fhios agam nuair atá mé ocrach, bíonn a fhios agam nuair atá tart orm, bíonn a fhios agam nuair atá mé tinn ach níor mhothaigh mé ariamh an mhian mháithiriúl sin páiste a bheith agam. Seans go raibh an mhian sin in easnamh ionam. Seans nach raibh mé ariamh réidh. Go fóill beag, nuair a tharlaíonn rud inteacht mícheart i mo thimpeall, téann mo chuid súl tríd an seomra ag cuardadh an duine fhásta.
Leis an fhírinne a rá, ní shílim gur duine fásta mé ar an chaoi sin dó. Bíonn daoine ann a bhfuil an crómasóm sin acu - crómasóm an duine fhásta. Níl sé ionam. Arís, tá sé ar iarraidh. Cinnte i gcúrsaí oibre bím beacht, freagrach, faicheallach, airdeallach, eagraithe agus gach rud a théann le bheith i d'fhostaí maith ach níl an rud céanna amhlaidh fúm sa ghnáthshaol. Tá daoine ann agus bíonn siad ag iarraidh a bheith fásta, ag iarraidh a bheith pósta, ag iarraidh carr maith, ag iarriadh líon airíthe páistí, ag iarraidh laethanta saoire ar dóigh gach bliain agus mar sin de - sin iad na daoine fásta. Ní sin mise. Níl an rud céanna uaimse agus ní bheidh. Níl mise ach ag iarraidh go mbeidh na daoine a mbaineann liom sásta - go mbeidh saol ar dóigh acu agus má tá siad sásta beidh mise chomh maith. Níl bearna ar bith i mo shaol. Líonaim na bearnaí le grá. Cinnte ní grá linbh ach ní chronaím an grá seo nach bhfuil le m'aithne - níor casadh ar a chéile muid.