Fearghal Mag Uiginn
Cúig bliana déag a bhí Mícheál Ó Murchú ag croílár fhoireann peile Dhún na nGall. Ré fhada órga agus ghlas, saolré peile, mar cheannaire diongbháilte agus mar pheileadóir spreagúil ildánach a ghríosaigh a raibh thart air. Ina rí ar imeall na cearnóige, ina neart fá lár na páirce agus ina shaineolaí scórála. I gcónaí sásta an obair chrua gan loinnir a chur isteach ar son na foirne.
Gan mhothú a tháinig an scéal le gairid mar sin go raibh a ré idirchontae thart. Ach mhothaigh lucht leanúna dílis na peile ar fud na tíre uaigneas bhunadh Dhún na nGall ina dhiaidh. Bíonn ardmheas ar ardscileanna peile.
Bhí tuin na cainte ar Raidió na Gaeltachta faoi bhrón agus mé ag tiomáint ar mo chuid oibre. Leis an fhírinne a dhéanamh shíl mé go raibh duine ar shlí na fírinne. An aimsir chaite in úsáid. Ansin, bhuail fírinne an scéil mé – ní bheadh suáilcí laoch Ghleann tSúilí le feiceáil arís ar an ardán mór.
Ar ardán na mionúr a chonaic mé ar dtús é. Ar an 18ú Meitheamh 2006 agus uimhir 11 ar a dhroim aige. Bhí iomrá air san am mar dhuine de thriúr Conallach a chuaigh chun na hAstráile ar fhoireann na hÉireann faoi sheacht déag go leith in Aibreán na bliana sin faoi na rialacha comhréitigh. Eoin Mac Uaid is Dara Ó Gallchóir as Naomh Conall an bheirt eile a bhí ina chuideachta. Bhí siad ina chuideachta arís nuair a thóg Dún na nGall Craobh Mionúr Uladh an bhliain sin – i bPáirc an Chrócaigh féin.
Sé bliana níos moille anonn bhí Ó Murchú ar ais i bPáirc an Chrócaigh ach é anois ina chaptaen sinsir. É ina rí ar imeall na cearnóige móire go luath i gcluiche ceannais na hÉireann le splanc lasrach a bhaint as eangach Mhaigh Eo agus Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thógáil. D’aimsigh réalt eolais Ghleann tSúilí 1-4 ar an lá a bhí Jimí ag díol uaireadóirí! Bhain sé gradam laoch na himeartha chomh maith.
Bhí ré peile Uí Mhurchú faoi bhláth. Ré Uí Mhurchú? Bhal, níl muid ar an ghannchuid ó thaobh fianaise de!
Agus é mar scoláire ar Choláiste Naomh Adhamhnán, Leitir Ceanainn, tógadh foireann Mhic Ruairí thart air. Bhí a chumas neamhghnách ag múscailt dóchais sna cnoic.
Bhain Dún na nGall Craobh Uladh faoi 21 den chéad uair le cúig bliana déag sa bhliain 2010. Scóráil Ó Murchú 1-5 sa chluiche ceannais, bhain gradam laoch na himeartha agus bhí mar chaptaen.
Rinneadh captaen sinsir de an bhliain dár gcionn agus bhain Dún na nGall Craobh Uladh den chéad uair le naoi mbliana déag. Sé bliana as a chéile a bhí Dún na nGall i gcluiche ceannais Uladh faoina stiúir mar chaptaen.
Ó cuireadh fréamhacha Chumann Lúthchleas Gael i nDún na nGall, agus ní inniu ná inné a cuireadh, tá 10 gCraobh Shinsir Uladh bainte. Bhí Mícheál Ó Murchú mar chaptaen ar a leath acu sin – éacht as a mbeadh Balor féin bródúil.
Níor éirigh le Dún na nGall Craobh Peile Uladh a bhaint dhá bhliain as a chéile gur tháinig Ó Murchú agus rinneadh an beart faoi dhó faoina stiúir sna blianta 2011 agus 2012 is arís in 2018 agus 2019.
Agus Ó Murchú ag teacht i gcrann bhain a chlub Craobh Shinsir Dhún na nGall den chéad uair riamh sa bhliain 2011 agus rinne amhlaidh in 2013 agus 2016. In achan chluiche ceannais acu siúd, bronnadh gradam laoch na himeartha ar réalt eolais Ghleann tSúilí.
Tá a ré idirchontae thart ach súil ag bunadh na gcnoc nach bhfuil a thionchar ar pheil na contae. Cronófar go mór é ar pháirc na himeartha – ach is ag an traenáil agus sa seomra feistis is mó a chrónófar Ó Murchú.
Tús ré úire ag Dún na nGall gan é – agus fágtar an bealach anois ag Aodán Ó Ruairc agus ag Padaí Mac Giolla Cheara captaen úr a cheapadh (Eoghan Bán?). In am breise a cailleadh cluiche ceannais Uladh i mbliana agus measaim go bhfuil cnámh droma san fhoireann le cúrsaí a chur ina gceart in 2023.
Chuirfeadh an Rí lena Ré a bheannacht leis an sprioc sin.