Scott De Buitléir
Le Belfast Pride, an fhéile is mó i dTuaisceart Éireann don phobal LADT, ar siúl faoi láthair, tá na mílte duine ag ullmhú don mhórshiúl a bheidh ag dul tríd an chathair ar an Satharn beag seo.
Ach cén fáth a mbeadh ar na daoine seo bheith bailithe le chéile gach bliain, ag stopadh tráchta agus ag déanamh raice ar na sráideanna?
Ar leibhéal domhanda, cuireadh tús leis an mhórshiúl Bróid, nó Pride, mar thoradh ar chíréibeanna Stonewall i 1969. Ar leibhéal áitiúil, áfach, bíonn cúis(eanna) eile taobh thiar dóibh.
Cúpla míle síos an bóthar i mBaile Átha Cliath, cuireadh tús leis an ghluaiseacht nuair a maraíodh fear aerach, Declan Flynn, i bPáirc Fhionnradhairc i dtuaisceart na cathrach i 1982.
Is cinnte go raibh tionchar ag agóid Bhaile Átha Cliath ar mhuintir aerach an Tuaiscirt, ach níor tharla an chéad fhéile Bhróid i mBéal Feirste go dtí 1991.
Inniu, tá Béal Feirste fíordhifriúil ón gcathair a bhí inti i ’91. Dá shiúlfá síos Donegall Place, tá seans ann go bhfeicfeá lánúin leispeach ag siúl isteach sna siopaí, lámh le lámh.
Dá suífeá síos in aon chaifé ar Botanic Avenue, seans go mbeadh beirt leaids amach faoi choinne. Ní eisceacht é beagán rómáns idir bheirt fhear nó bheirt bhean a fheiceáil sa chathair a thuilleadh, agus ní mór do ghlúin aerach na linne seo a bhuíochas a ghabháil leo siúd a shiúil ag Belfast Pride thar na blianta don saoirse sin.
Sin ráite, ní áit foirfe í Tuaisceart Éireann lena bheith leispiach, aerach, déghnéasach ná trasinscneach. Fós, tá iarrachtaí á ndéanamh ag grúpaí agus roinnt polaiteoirí leis an áit a dhéanamh níos fearr dóibh.
Tá feachtas i mbun i dtreo an chomhionannais phósta i dTuaisceart Éireann, mar atá feicthe againn le roinnt díospóireachtaí i Stormont le déanaí. Ní cúis iontais é nach bhfuil an DUP agus formhór an UUP sásta leis an íomhá intinne de bheirt fhear/bhean bheith pósta dá chéile, ach tá athruithe ag teacht ar an taobh Aontachtach chomh maith.
Ag an díospóireacht is déanaí ar an ábhar, labhair Michael Copeland ar son an chomhionannais, in ainneoin seasamh a pháirtí. Cúis mhór iontais a bhí ann, áfach nuair a labhair Basil McCrea go paiseanta ar son an ábhair.
“Ní chaithfidh mé bheith gorm le bheith in éadan an chiníochais,” arsa McCrea, “agus ní chaithfidh mé bheith aerach le bheith in éadan an hómafóbia agus na claontachta.”
Pé claontacht pholaitiúil a bheadh agat, caithfear a admháil nárbh fhéidir a leithéid de ráiteas ó Aontachtach a shamhlú. Tá feabhas tagtha ar an scéal ó Thuaidh, cé gur mall é bheith ag teacht.
Agus na mílte ag glacadh páirte san fhéile ar an Satharn seo, is cinnte gur cóisir mhór a bheidh ann don phobal LADT, le daoine ag teacht ó gach cearn den Tuaiscirt, den Phoblacht agus den Bhreatain chun páirt a ghlacadh ann.
Ach ní bheidh an mhórshiúl gan a chuid polaitíochta. Beidh neart ann, ar nós Amnesty International, ag taispeáint gur coir é an hómaighnéasachas i mbeagnach 50 tír timpeall an domhain go fóill – roinnt mhaith acu san Afraic.
Ní nuacht dúinn iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag rialtas Uganda chun dlí ‘maraigh na daoine aeracha’ a thabhairt isteach, ach ní féidir leo toisc brú ó mhórchumhachtaí ar nós na Stát Aontaithe agus an Eoraip. Is cosúil nach bhfuil aon imní ar an Rúis roimh theannas idirnáisiúnta, áfach, agus an tUachtarán Putin i ndiaidh dlí a shíniú a chuireann bac náisiúnta ar ghrúpaí troid ar son cearta aeracha, ná labhairt fúthu, fiú.
Níos gaire dár dtairseach féin, fógraíodh rialú ón Chúirt an tseachtain seo caite nach raibh aon fhiúntas i gcás an Aire Sláinte, Edwin Poots, le bac a chur ar lánúin aon-inscne (nó lánúin heitrighnéasach neamhphósta) páistí a uchtáil i dTuaisceart Éireann. Cé gur féidir leo i Sasana, sa Bhreatain Bheag nó in Albain.
D’fhéadfadh a rá go mbeadh tionchar ag an rialú seo ar an gceart céanna sa Phoblacht (arís, ní bhaineann sé seo le daoine aeracha amháin) ach is cosúil go bhfuil pleananna ag an rialtas Éireannach maidir leis seo, más féidir glacadh le tuairimí an Tánaiste.
Ag ócáid mar chuid d’fhéile Dublin Pride coicís ó shin, dúirt Eamon Gilmore go mbeadh reifreann ar phósadh aon-inscne san Fhómhair 2014, agus go dtiocfadh athchóiriú dlí isteach do theaghlaigh le beirt athair nó máthair ag “timpeall” an ama céanna.
I mbliana, is cinnte go mbeadh nóta brónach ann leis an bhféile bhróid, toisc bhás PA Mag Lochainn, a d’imigh uainn anuraidh. B’fhear cróga a bhí ann, a throid ar son cearta sibhialta do chách.
Bhí an t-ádh dearg ag an fhoireann anseo ag Meon Eile labhairt leis, agus an suíomh ag caitheamh súl ar Belfast Pride anuraidh. [Físeán: http://www.youtube.com/watch?v=2xlb-dRl8G4]
Fógraíodh go mbeidh an chéad ghrúpa sa mhórshiúl ar an Satharn ag máirseál in ómós do PA, a d’oibrigh go crua ar son cearta aeracha agus a bhí páirteach sa phobal le fada.
Brathnófar uainn a chuid cultacha dathúla; na cinn iontacha a chaith sé agus é ag glacadh páirte sna féilte Bróid ó thosaigh siad i mBéal Feirste i 1991.