Ciarán Ó Pronntaigh
Ba chóir dúinn a bheith buíoch de Donald Trump. Ní as na rudaí gránna atá á ndéanamh agus á mbeartú aige. Ní go deimhin. Ach buíoch as an dóigh shotalach a dtéann sé i mbun oibre ina scaoileann sé an cat as an mhála go minic. Ní léir an mbíonn mórán ullmhúcháin i gceist ag an uachtarán reatha sula labhraíonn sé nó is minic a deir sé rudaí as a sheasamh is gá d’oifigigh a ‘mhíniú’ lá is faide anonn.
Sin an rud a rith liom agus mé ag éisteacht lena chuid smaointe fánacha ar Gaza, oíche Mháirt. Agus, mar a mheas mé, bhí daoine mar Marco Rubio, an Rúnaí Stáit nua-cheaptha, ag iarraidh beag a dhéanamh den ‘aslonnú’ a mhol Trump an lá dár gcionn. Ní aslonnú atá ar intinn Trump, ná ar Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu. Díbirt iomlán an phobail Phalaistínigh atá á mhaíomh, rud atá ag teacht go mór leis an ollslad a chleacht Fórsaí Cosanta Iosrael le bliain go leith beagnach i nGaza agus ag leibhéal níos ísle sa Bhruach Thiar.
Cé gur thagair sé dá leithéid roimhe, bhain caint shuarach Trump faoi Riviera Gaza siar as pobal an domhain, agus as cuid de na hiriseoirí a bhí i láthair ina measc. Ba thearc na sonraí a thug sé ar a gcuid ceisteanna. Ach chuir sé olc ar dhaoine atá ag iarraidh go mbeadh a stát féin ag na Palaistínigh. Sa deireadh thiar thall, chonaic muid go glé glinn nach raibh sa chaint ón Teach Bán le blianta faoi réiteach dhá stát ach cur i gcéill leis an scéal a fhadú agus, i ndáiríre, stát Palaistíneach a stopadh.
Gné lárnach de pholasaí eachtrach na Stát Aontaithe riamh anall ná an tEisceachtúlachas agus níl ceannaire ar bith níos fearr ina bhun ná Donald Trump. An chiall atá leis, ar ndóigh, nach mbaineann an dlí idirnáisiúnta leis na Meiriceánaigh ná lena ndlúthchairde, sa chás seo, Iosrael. Má sháraíonn tír ar bith eile na rialacha idirnáisiúnta, beidh pionós trom orthu. Go minic, is ionann bagairt a dhéanamh ar leas na Stát Aontaithe agus ‘briseadh’ an dlí idirnáisiúnta, cuir i gcás na smachtbhannaí troma atá ar thíortha mar an Iaráin agus Cúba, mar shampla.
Fiacha, fóirithint agus smachtbhannaí na brúnna is mó atá san armlón ag SAM ach más gá dóibh an lámh láidir a úsáid, bíodh sin sa reicneáil chomh maith. Is féidir droim láimhe a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó, bhuel, ní bhaineann sé leo.
Ba shuarach agus b’amaideach friotal an fhorbróra eastáit réadaigh a d’úsáid Trump, ag déanamh neamhní de dhóchas agus d’aisling pobail a d’fhulaing go cruálach, ach, ar a laghad, is ríléir anois ról SAM sa Mheánoirthear. Scéal eile atá ann an mbeifear in ann a ndúshlán a thabhairt.
Tá próiseas éigin síochána ar siúl faoi láthair agus ní mór fáilte a chur roimh shaoradh na ngiall ón dá thaobh. Agus is comhartha dóchais go bhfuil na hIosraelaigh ag imeacht as Conair Netzarim mar chuid den chomhaontú sin, ag oscailt ceann de na bacainní idir an tuaisceart agus an deisceart. Ach an ndruideann ráiteas Trump an doras don atógáil a gealladh do Gaza? Is scéal cinnte é nach mian leis na Palaistínigh imeacht óna dtír dhúchais ach cén dóigh a dtiocfadh leo tús a chur leis an phróiseas fhadálach sin agus díon a chur os a gcionn? Chuir Iosrael cosc ar obair UNRWA cheana agus bíodh geall nach ligfear isteach dream ar bith a bhéarfas inmharthanacht réalaíoch don cheantar.
Don am i láthair, tá Iosrael ag leanúint le Céim 2 den idirbheartaíocht le Hamas ach, in agallamh le Fox News, Dé Sathairn, thacaigh Netanyahu go láidir le moladh Trump go ndéanfaí na Palaistínigh a dhíbirt as Gaza. Níl sé soiléir cén dóigh a dtiocfadh leis thart ar dhá mhilliún a bhogadh go dtí an Éigipt nó an Iordáin ach tá sé geallta aige go rachaidh sé ar ais chun cogaíochta i ndiaidh dó na gialla a fháil ar ais. Tá daoine i gcomhrialtas Netanyahu ag meabhrú go hoscailte ar ghabháil Gaza agus críocha Iosrael a leathnú amach. Ar an drochuair, is léir don domhan anois go bhfuil na Stáit Aontaithe ar aon intinn leo.