Kathryn Ní Mhaoláin
Ag dul a luí dom an tseachtain seo caite i mo theach te teolaí in oirthear Bhéal Feirste, bhí eagla orm. Ní eagla roimh ghnéasionsaí ná eagla roimh dhuine ar bith a bhfuil craiceann ar dhath difriúil orthu, ach eagla ar a son. Eagla go ngortófaí mo chuid comharsan, mo chuid cairde, mo phobal. Tá eagla orm roimh mhuintir na tíre seo.
Ghlac na círéibeacha ciníocha seilbh iomlán ar na sé chontae ar feadh ceithre lá i ndiaidh ionsaí gnéis uafásach a tharla ar an Bhaile Meánach, inar cúisíodh beirt déagóirí as an Rómáin. Is fearg ar son na mban agus na bpáistí ba chúis leis an fhoréigean, dar le lucht na círéibe.
Ach aithníonn an pobal nach raibh fearg mar seo ann ar son Natalie McNally, ar son Emma Agnew, ar son Ruth Megaw, ar son na mban uilig sa tír seo a gortaíodh agus a maraíodh ag fir bhána. Tá fadhb sa tír seo maidir le foréigean in éadan na mban. Agus ní bhaineann sé le hinimircigh. Tá na staitisticí agam leis sin a chruthú.
Dar le taighde de chuid Ollscoil Uladh i mbliana, bhí eispéireas foréigin inscne-bhunaithe ag os cionn 98% de mhná sna sé chontae. Agus tromlach na n-ionsaithe sin (71%) déanta ag fir a raibh aithne acu cheana féin orthu.
Dar le Daonáireamh 2021, níl ach 3.4% de dhaonra na sé chontae mar chuid de chúlra mhionlach eitneach. Is muid an réigiún is báine, is neamhéagsúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Dar leis an PSNI, bhí méadú 42% ar choireanna cine-bhunaithe sa tréimhse ó mhí na Bealtaine 2024 go mí na Bealtaine 2025 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe. Agus sin roimh na círéibeacha seo.
Cén bunús atá leis na hionsaithe? Cén loighic atá leo?
Bíonn siad ag gearán go bhfuil géarchéim thithíochta ann agus go bhfuil tithe á dtabhairt d’imircigh. Agus ansin dónn siad na tithe.
Bíonn siad ag gearán nach ndéanann na gardaí go leor leis an phobal a chosaint. Agus gortaíonn siad os cionn 40 garda ar na sráideanna.
Bíonn siad ag gearán go bhfuil easpa acmhainní don phobal ann. Agus déanann siad ionsaí ar an tsólann áitiúil.
Bíonn siad ag gearán nach bhfuil go leor airgid curtha i dtreo infreastruchtúir. Agus scriosann siad na ráillí traenach.
Bíonn siad ag maíomh go bhfuil siad ag cosaint ban agus páistí. Agus tá mná agus páistí ar crith le heagla sna tithe seo, sna sólanna seo, ar na sráideanna seo.
Bímis ionraic faoi: ní ag cosaint duine ar bith atá na círéibeoirí seo. Níl loighic á stiúradh, ach fuath. Ach cárb as a dtagann an fuath? Cad é a tharla do “Céad Míle Fáilte”? Is oth linn a admháil, mar shochaí, go bhfuil an ciníochas beo beathach anseo sna sé chontae.
Tá sé beo sna focail a úsáidtear agus daoine ag tagairt do bhialanna eitneacha. Tá sé beo sna jócanna a deirtear thart ar na táblaí ag bainiseacha. Tá sé beo sna maslaí a ghlaoitear ag páirceanna CLG. Agus tá sé beo anois, ar shráideanna an Bhaile Mheánaigh agus níos faide i gcéin, agus daoine á ndó amach as a dtithe.
Is ar an deighilt a bunaíodh an stát seo.
Tugtar cead póstaeir thoghcháin a dhó ar an dara lá déag, agus fuathchaint láidir lena chois. Tá go fóill os cionn 93% de dhaltaí óga na sé chontae ag freastal ar scoileanna atá leithscartha ar bhonn reiligiúin. Druidtear go fóill na geataí idir Bóthar na bhFál agus Bóthar na Seanchille gach oíche. Tugtar cead áirithe don éadulaingt, agus tugann sin spás fáis do fhréamhacha an fhuatha agus an fhoréigin.
Tá sé furasta ligint don éadóchas seilbh a ghlacadh orainn le linn na laethanta dorcha seo. Ach is féidir linn meon na sochaí a athrú, go deimhin, is ionann muid féin agus an tsochaí ina maireann muid. Tá muid mar chuid di.
Ná glacaimis leis na jócanna ciníocha. Ná ligimis do na daoine thart ort ainmneacha maslacha a chur ar dhaoine as tíortha eile. Cosnaímis an pobal ar fad, beag beann ar a dtíortha dúchais. Tugaimis grá. Séanaimis fuath.