Concubhar Ó Liatháin
Más féidir a mhaíomh go bhfuil deathoradh dá laghad ar an bpaindéim, is é sin an meon go bhfuilimid “go léir sa bhád céanna, ná ligfimis na maidí le sruth” a spreag sé inár measc, meon a thug cosaint dúinn ón aicíd a thógáil, saghas imdhíonaithe shóisialta, más maith leat.
Sin é an ‘spiorad comhghuaillíochta’ ach maith leis na daoine a spreag an agóid ag an deireadh seachtaine, an léirsiú i mBaile Átha Cliath inar deineadh ionsaí ar na Gardaí Síochána. Is spiorad é seo a thugann an t-éitheach don ‘mé féineachas’ atá á spreagadh acu féin leis an mbaothchaint faoin dhianghlasáil a bheith ag séanadh saoirse orainn.
Cinnte, níl cead ár gcos againn de réir mar ba mhaith linn na laethanta seo - ach tá cúis mhaith leis sin. Is é sin go bhfuilimid go léir ag iarraidh sinne, an pobal, a chosaint ón aicíd atá baolach dúinn go léir agus marfach do sciar áirithe den bpobal - b’fhéidir duine as gach 100 a tholgann an aicíd, na daoine is aosta inár measc, na daoine is laige inár measc. Tá siad thar a bheith leochaileach.
Mar sin, níl saoirse bainte dínn, tá sé géillte againn ar mhaithe le saoirse níos buaine agus sábháilte a fháil ar ais dúinn ar fad a luaithe agus is féidir.
Mothaím féin - agus tá an fhianaise feicthe agus dearbhaithe agam le mo shúile féin - go raibh go leor den dream a thug na sráideanna orthu féin ag an deireadh seachtaine ann de bharr míthreoir a fuair siad ó pháirtithe nó, níos cirte a rá, cillíní de ghníomhaithe de chuid na heite deise atá ag iarraidh leas a bhaint as an bpaindéim chun céim in airde a thabhairt dóibh féin agus dá bhfealsúnacht fhuathbhunaithe.
Mar chuid de thaighde a rinne mé ar na gnóthaí seo, chuaigh mé ar fhóraim phlé ar an ardán ‘Telegram’ le déanaí - is é Telegram an áit a ndeachaigh go leor de chuid lucht leanúna Trump tar éis do Twitter iar-Uachtarán SAM a dhíbirt ón ardán - agus níorbh fhada gur tháinig mé ar an gciníochas agus ar an éirí in airde atá spreagtha ag lucht stiúrtha na bhfóram.
Cuid mhaith de na daoine, áfach, mhaífidís go raibh siad ann mar gur mhaith leo go mbeadh an tsochaí oscailte arís, go bhfuil an dianghlasáil ana-dhian ar ghnónna beaga (agus tá sin fíor), go bhfuil sé míréasúnta an tsaoirse a bhaint de gach éinne nuair nach bhfuil ach sciar beag den tsochaí thar a bheith leochaileach. B’fhéidir go bhfuil sin fíor, ach tá na cinntí atá déanta agus na srianta atá orainn go léir ann mar gheall ar chomh tógálach is atá an galar.
Ach ní fada uainn an chomhcheilg ar mire. Tá, an dtuigeann tú, rún ag an Rialtas inimirce a spreagadh chun pobal dúchais na tíre a chur as áit. Tugtar ‘The Great Replacement’ ar an dteoiric seo - is tuairim ar mire é duitse agus domsa, creidim, ach tá daoine ann a chreideann ann sara gcreidfeadh siad go n-éiríonn an ghrian san oirthear agus gur san iarthar a théann sé chun suain. Is teoiric é seo atá cumtha chun ciníochas a spreagadh.
Sa mhullach air sin, tá dream eile a chreideann gur péidifiligh iad na meáin agus polaiteoirí a úsáideann fuil na bpáistí a éagnaíonn siad chun iad féin a choimeád i mbláth na hóige. Tá sé ar mire - ach creideann daoine ina leithéid.
Ag an leibhéal is bunúsaí, agus is contúirtí, más amhlaidh gurb é an rud is mó a mheallann daoine chun na fóraim seo ná athoscailt na sochaí, tá sé deacair a thuiscint cén fáth nár mhaith leo clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nó go bhfuil siad in éadan vacsaín a ghlacadh. Tugann siad ‘caoirigh’ ar dhaoine a chaitheann mascanna agus maíonn siad gur bealach é an vacsaín chun go bhfaigheadh ár Rialtas, atá faoi stiúir leithéidí George Soros, smacht ar ár n-inchinn.
Tá sé amaideach, i bhfirinne, a bheith ag súil le freagraí réasúnta ó dhaoine atá curtha ar bhóthar an mhíréasúin. Dúirt Seán Ó Riordáin ina dhán ‘Saoirse’: “Dá labhródh bean leat go réasúnta, ná réasúnófaí thú?”
Tá file Bhaile Mhúirne sa chré i Reilig Ghobnatan le fada agus ní raibh de mhí-ádh air a bheith ar na meáin fhrithshóisialta nó níor chas sé le mná - agus fir - a chas mise leo ar ardáin plé Telegram is eile.
Labhair mé leis an Dr. Eileen Cullotty, taighdeoir atá ag fiosrú teacht chun cinn na heite deise in Éirinn le hInstitiúid na Meán, an Daonlathais agus na Sochaí in Ollscoil Chathair Átha Cliath.
“Níor éirigh le páirtithe na heite deise aon suíochán a bhuachan in Olltoghchán 2020 agus is beag an líon vótaí a fuair siad go deimhin - ach tá go leor athruithe ann ó shin,” a dúirt sí liom.
“Tá na gníomhaithe in Éirinn ag díriú ar mhionlaigh agus tá siad ag gníomhú sa phobal - is fíorbhagairt iad.”
Cuireann ardáin meán sóisialta gaoth ina seolta. Tá siad ábalta léirsithe a chian-eagrú agus go minic ní bhíonn a fhios ag éinne nuair atá an chíréib thart agus daoine faoi ghlas, cé d’eagraigh an eachtra. Tá an lucht eagair róghlic le go mbéarfaí orthu. B’fhearr leo ligean dos na hamadáin a bheith i bhfad chun tosaigh sa bhearna bhaoil le linn dóibh féin a bheith ag stiúradh cúrsaí i bhfad ó chéadlíne an chatha.
An oiread is bhfuil níos mó ná leagan amháin de COVID ann, tá iliomad leaganacha den bpaindéim mhí-eolais ann agus tá na meáin fhrithshóisialta thar a bheith éifeachtach ag scaipeadh na n-athraitheach díobhálach drochaigeanta seo.
Tá an baol ann go mbeidh an phaindéim mhíeolais ar a laghad chomh dainséarach agus baolach dár saoirse is atá COVID dár sláinte.
Ní fada uainn faoiseamh ó COVID a bhuíochas leis an vacsaín agus an dianobair agus na híobairtí atá déanta againn go léir. Is é an bhagairt is mó anois ná an mí-eolas agus lucht a scaipthe.