Ní rud éasca é d’áit chónaithe a athrú

Katie McGreal

Chas mé le bean as Doire an tseachtain seo i nGaillimh. Mac léinn atá inti atá sa darna bliain san ollscoil anseo. Dúirt sí liom go raibh uirthi dul i ngleic le suaitheadh cultúir nuair a bhog sí anseo anuraidh. Bhí sí ag iarraidh é a mhíniú do dhaoine eile, daoine ón deisceart ach níor thuig siad a cás. Níor shíl siad go bhféadfaidh rudaí a bheith chomh difriúil sin ó thuaidh den teorainn, ach tá. 

Is as Baile Átha Cliath domsa ó dhúchas ach bhí cónaí orm i mBéal Feirste ar feadh beagnach seacht mbliana. Bhog mé go Gaillimh i mí Iúil na bliana seo agus dá mbeadh a fhios agam cé chomh deacair is a bheadh sé, níl a fhios agam an ndéanfainn é.

Thuig mé, ag bogadh anseo dom, nach raibh aithne agam ar mhórán agus nach raibh post agam. Thuig mé freisin nach raibh ‘fíorphost’ uaim agus bheartaigh mé gan ceann a aimsiú. Mar sin, bhí a fhios agam go mbeadh sé deacair ach níor thuig mé go mbeadh sé chomh dúshlánach is a bhí sé.   

Bhí cúpla deacracht ar leith ann, agus bhí suaitheadh cultúir ina measc. Cheannaigh mé mo charr i mBaile Átha Cliath bliain sular bhog mé ó thuaidh, mar sin carr deisceartach atá ann ach faoin am gur tháinig mé anseo i mí Iúil bhí plátaí clárúcháin tuaisceartacha air. Bhí a fhios agam go raibh orm iad a athrú arís ach ghlac sé tamall fada orm teacht ar éinne a raibh a fhios acu céard ba cheart dom a dhéanamh. Fiú nuair a bhí an duine cuí aimsithe agam bhí scéal amháin acu agus scéal éagsúil ag duine eile. 

Anuas air sin ar fad, bhí mé ar ais ó dheas agus bhí mé ag súil le Gaeilge a úsáid le mo ghnó a dhéanamh leis an stát ach faoin am go raibh duine aimsithe agam a raibh fios a ngnó acu, ní raibh an fuinneamh agam iarraidh orthu duine le Gaeilge a chur ar fáil dom. Ar deireadh, dúradh liom i mBéarla go raibh orm an cháin a íoc, an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a dhéanamh agus árachas a fháil leis na seanphlátaí a athchlárú ach, dár ndóigh, ní labhraíonn na trí rannóg sin le chéile agus bhí siad uilig ag iarraidh go mbeadh na rudaí eile agam sular thug siad a rud féin dom.

Crá croí a bhí sa phróiseas uilig agus is iomaí oíche a chaith mé ag labhairt faoi le mo chara tí agus is iomaí uair a chuir duine amháin nó duine eile ag caoineadh mé de bharr frustrachais.

Nuair a bhí sin ar fad socraithe bhí an t-am agam ansin a bheith buartha faoi chúrsaí airgid. I mBéal Feirste d’oibrigh mé cúpla lá sa tseachtain ag múineadh ranganna aireachais agus ba leor an méid sin le maireachtáil. Bhí an fhios agam go mbeadh an saol níos costasaí ó dheas ach níor thuig mé cé chomh costasach is a bheadh sé. Nuair a bhí mé faoi bhrú go mór chuaigh mé ag cuartú an dóil. Toisc go bhfuil mé féinfhostaithe bhí orm cuntais i gcomhair dhá bhliain agus ráiteas bainc bliana a thabhairt dóibh agus ansin bhí orm fanacht. D’fhan mé os cionn seacht seachtain le scéal a fháil uathu. Faoin am gur tháinig siad ar ais chugam le cinneadh bhí mé i ndiaidh píosaí oibre a dhéanamh anseo is ansiúd. Crá croí eile a bhí ann sin!

Cé go raibh sé - agus uaireanta tá sé go fóill - an-deacair dom maireachtáil i gcathair nua, níl aiféal orm gur bhog mé anseo. Bíonn sé deacair ach fós féin b’fhiú é agus má tá éinne ag smaoineamh ar athrú mór mar sin a dhéanamh an moladh is mó a bheadh agam ná; ná smaoinigh air agus díreach léim isteach agus déan é!

Close
Close