Dlúthpháirtíocht: cá bhfuil sí?

Katie McGreal 

Is bean mé ar dtús agus ansin is Gael mé ach is feachtasóir don dá dream mé; dhá dream atá faoi chois, dhá mhionlach.

Le míonna beaga anuas, tá an-chuid cainte ann faoi chearta na mban.

Idir mná ag teacht amach le scéalta ionsaithe gnéis a tharla le blianta fada, an reifreann ar an Ochtú Leasú ó dheas, agus an feachtas 'I Believe Her' nó 'Creidim Í'.

Tuigeann gach bean sa tír seo na constaicí atá i do choinne má théann tú os comhair na cúirte, nó fiú go dtí na póilíní le scéal éignithe nó ionsaí gnéis.

“Céard a bhí sí ag caitheamh?”

“An raibh sí ag ól?”

“An bhfuil tú cinnte nár dúirt sí leis go raibh sí ag iarraidh é a dhéanamh?”

Gnáthfhrásaí a chluineann tú nuair atá na cásanna seo á bplé; ag na húdaráis agus ag an ngnáthphobal.

Agus ba léir go bhfuil mná na tíre seo tinn tuirseach de.

Ba léir go bhfuil muid ag iarraidh athruithe a fheiceáil, athruithe nach dtiocfaidh gan troid.

Thosaigh muid feachtas 'Creidim Í' le hagóid i lar na cathrach i mBéal Feirste ina raibh na céadta i láthair.

Ag an am céanna bhí agóidí ar siúl i nDoire, Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus áiteanna eile ar fud na tíre.

Bhí an-tóir ar na haischlibeanna ar líne #ibelieveher agus #creidimí freisin.

Chuir mná Gaelacha eolas faoi na hagóidí sin i ngrúpaí WhatsApp Gaelacha ina bhfuil muid mar bhaill iontu. Bhí tost ann.

Ar feadh tamaill.

I ndiaidh sin, d’fhreagair roinnt ban.

Chuir muid brú ar na fir rud éigin a rá agus tháinig duine nó beirt ar ais ag rá nach raibh siad ar fáil don agóid agus dúirt beirt eile go mbeadh siad ann.

D’fhan an chuid eile ina dtost. Thosaigh siad ag caint ar rudaí eile.

Ba léir gur cuma leo.

Ag na hagóidí i mBéal Feirste, bhí roinnt ban Gaelach ann agus chonaic mé féin beirt fhear Ghaelacha, duine ag gach agóid.

Ba léir gur cuma leis an gcuid eile.

Is daoine iad na Gaeil seo a deir go bhfuil siad go mór ar son cearta daonna toisc gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna ach ba léir go bhfuil siad go mór ar son cearta teanga do na Gaeil agus sin é.

Is cuma leo faoin gcuid eile againn. Is cuma leo faoi na mná, fiú más mná Gaelacha muid.

‘Cearta teanga, cearta daonna.’

Mana a chloiseann muid go minic ar mhorshiúilte agus ag agóidí na nGael agus iad ar lorg cearta teanga.

Ní hé gur rud nua é seo, bhí Cumann na mBan páirteach go dlúth san Éirí Amach in 1916 ach is ar éigean gur féidir le daoine triúr ban a bhí ann a ainmniú.

Tá mná na tíre seo cleachta go maith le bheith curtha ar leathtaobh ach tá sé in am anois do na fir seasadh linne agus an tacaíocht atá tuillte againn a thabhairt dúinn

Tá neart bealaí ann ina bhféadfadh na fir tacú linn.

D’fhéadfadh siad deis labhartha a thabhairt dúinn ag cruinnithe, d’fhéadfadh siad freastal ar agóidí ar son chearta na mban.

D’fhéadfadh siad níos mó dualgas a thabhairt do mhná in eagrú imeachtaí agus deis a thabhairt dóibh a bheith ina hurlabhraí.

Tá grúpaí eile atá ar son chearta na mban díreach mar an gcéanna.

Bhí mé ag imeacht an tseachtain seo caite agus dúirt bean go raibh an eagraíocht seo ar son cearta mionlaigh.

Nuair a chuir mé ceist uirthi faoin nGaeilge, ba léir nár smaoinigh sí uirthi roimhe.

“Cinnte ba cheart go mbeadh cead ag gach duine a rogha teanga a labhairt. I mo thuairim phearsanta, creidim gur cheart go mbeadh acht (Gaeilge) ann,” a dúirt sí liom.

Ní raibh mé ag iarraidh a tuairim phearsanta. Bhí mé ag iarraidh tuairim na heagraíochta. Ní raibh a fhios aici céard é tuairim na heagraíochta.

Sin an dara cruinniú ar son rogha agus ar son na mban gur fhreastail mé orthu agus ba léir nár smaoinigh siad ar an teanga.

Níor smaoinigh siad ar mhionlach eile.

Ní raibh fógraí acu i nGaeilge agus nuair a dúirt mé go bhféadfainn ceardlanna feimineachais a dhéanamh i nGaeilge ní raibh siad pioc sásta liom.

Ní neart go cur le chéile a deir an seanfhocal ach is léir nár chuala na feiminigh gan Ghaeilge trácht air agus tá sé soiléir gur cuma le cuid de na Gaeil a bhfuil an seanfhocal ar eolas acu.

Is dóigh go gcreideann siad nach mbaineann sé leo.

Close
Close