Eoin P. Ó Murchú
Foilsíodh dhá alt ar Tuairisc.ie le déanaí a thug súil eile ar fad ar cheisteanna a bhaineann le caomhnú is cur chun cinn na Gaeilge.
Ní haon drochrud an tsúil eile ach is fiú anailís a dhéanamh ar na moltaí seo is feiscint bhfuil aon fhiúntas leo.
Mhol Verona Ní Dhrisceoil, léachtóir le dlí in Ollscoil Sussex gur chóir stádas na Gaeilge sa Bhunreacht a athrú toisc nach chun leas na teanga ná cearta phobal na Gaeilge a stádas mar phríomhtheanga oifigiúil.
Dar le Ní Dhrisceoil, gurb é aitheantas bunreachtúil na Gaeilge is cúis le cuid mhór de na deacrachtaí, na dúshláin agus an paradacsa a bhaineann le cur chuige an Stáit i leith na teanga. Taobh amuigh den pharadacsa is seafóid an méid sin.
Smaoinigh faoi sin, tá príomhstádas oifigiúil ag an nGaeilge faoi láthair agus ní chuirtear mórán seirbhísí ar fáil inti, cad a tharlódh dá gcuirfí comhstádas ina áit? Leid duit, ní chun cinn a bheimis ag dul.
Dar léi gur chóir reifreann a ghairm ar an gceist agus gurbh fhearr comhstádas. Ní chreidim go dtiocfadh dá bharr sin ach tuilleadh creimthe i ngach cuid den státchóras. D’úsáidfeadh ranna stáit aon lagú nó laghdú mar leithscéal gan aon seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge, cuimhnigh, táid beag beann ar an dlí faoi láthair.
Seo na hargóintí ceannann céanna a úsáideadh le fáil réidh, nach mór, leis an nGaeilge sa státchóras. Ag gach uile chéim luadh go gceadódh cothroime agus spreagadh in áit dualgas tuilleadh daoine le bheith dearfach faoin teanga agus go mba fhearrde sinn é. Ní mar sin a tharla.
Fiú amháin dá mbeadh reifreann ann tá seans measartha nach n-athródh muintir na hÉireann an stádas reatha. Creideann Ní Dhrisceoil chomh maith gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip.
“Toradh amháin… …go gcuirfí an maoiniú a chaitear ar thraenáil dlítheangeolaithe Éireannacha ar fáil ar bhealach níos tairbhí chun seirbhísí teanga a sholáthar san earnáil phoiblí in Éirinn.” Baint ná páirt níl ag an maoiniú sin le seirbhísí teanga in Éirinn agus an té a cheapann a leithéid is deacair liom ‘saineolaí cearta teanga’ a bhaisteadh orthu.
Seans go n-éireodh le moltaí Ní Dhrisceoil i bparthas éigin dlí nach ann dó, is cinnte nach n-oibreoidís sa leagan seo d’Éirinn atá mionnaithe ar an mBéarla éigeantach.
Ansin bhí Donncha Ó hÉallaithe ag rá arís gurbh fhiú an teanga a bheith roghnach don ardteist.
An t-aon rud fiúntach a thiocfadh as seo ná gur dócha go mbeadh feabhas i gcaighdeán Gaeilge na ndaoine a leanfadh léi. Is dócha go mbeadh níos lú cainteoirí cumasacha ann ar an iomlán áfach agus bheadh an iliomad drochrudaí ag éirí as chomh maith.
Is fiú a aithint gur mhol sé pointí breise ach gan seans go gcaillfí an chaolchúis sa siar is aniar, is dá dtiocfadh an polasaí i bhfeidhm gach seans go ndéanfaí dearmad de na pointí seo. Tharla a leithéid cheana i gcás na Gaeilge.
Cén líon a d’éireodh as? Ní heol dúinn. An éireodh 30% as scun scan mar a tharla i gcás na dteangacha sa Bhreatain?
Tá 20% ag roghnú gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar atá agus leithscéalta éagsúla in úsáid. An bhféadfadh go n-éireodh 50% as?
Nílim cinnte ach ní chuirfinn as an áireamh é, ná líon níos airde fós. Má bhaineann tú an líon sin den ardteist bheadh tionchar mór aige sin ar go leor rudaí.
Seo meall mór daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu anois ach a bheadh níos measa as arís, a chuirfeadh arís eile le lucht an ’It’s so rude you speaking Irish in the corner, I didn’t do it at school’.
Bheadh titm shuntasach ar líon na ndaltaí a d’fhreastalódh ar choláistí samhraidh, bheadh sé an-deacair do ghnólachtaí Gaeilge a bhíonn ag brath ar an gcóras oideachais ó thaobh margaidh.
Bheadh foilsitheoirí, scríbhneoirí, compántais drámaíochta, irisí, múinteoirí ióga agus go leor leor eile a bhíonn ag plé le scoileanna thios leis.
Nuair a bhainfí an ceangal ar dhaoine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge thitfeadh an tóin as margadh go leor comhlachtaí Gaeilge.
Bheadh impleachtaí eile ann chomh maith, bheadh níos lú Gaeilge acu seo dá mba mhian leo filleadh uirthi, níos lú dá mba mhian leo bheith mar mhúinteoir, níos lú acu le cabhrú lena bpáistí amach anseo.
Tá aithne againn ar fad ar roinnt scothchainteoirí Gaeilge a tháinig tríd an gcóras oideachais Béarla agus chuile sheans nach mbeadh focal acu mura mbeadh go raibh an Ghaeilge éigeantach.
D’éireodh go leor scoileanna, de réir a chéile, as Gaeilge a mhúineadh in aon chor, ní beadh ach dornán beag á staidéar iontu ar feadh cúpla bliain agus ansin gheofaí réidh leis na múinteoirí. Mura bhfuil múinteoir Gaeilge ag scoil ní féidir staidéar a dhéanamh uirthi.
Cén líon scoileanna a bheadh i gceist? Breis agus 20%? Cá bhfios?
Fiú sna ceantracha Gaeltachta is láidre roghnódh daoine gan Ghaeilge gan staidéar a dhéanamh uirthi agus d’iompódh go leor eile ar an mBéarla arís le freastal orthu seo.
Deir Ó hÉallaithe agus go leor eile go minic nach bhfuil “córas na Gaeilge éigeantaí ag obair.” Is cinnte nach bhfuil ag éirí go rómhaith léi ach féach tír an-chosúil linn, Alban, agus mórchuid na tíre bánaithe ar fad ó thaobh na teanga agus i faoi bhrú i bhfad Éireann níos mó ná Gaeilge anseo.
Dá leanfaí comhairle Uí Éallaithe bhrúfaí an Ghaeilge amach ó dhioscúrsa poiblí na tíre tuilleadh agus ansin a thosódh an plé ar an nGaeilge a dhéanamh roghnach don mheánscoil agus don bhunscoil.
Ceann de na fáthanna is mó a thugtar aon suntas do mholtaí mar atá thuas ná de bharr nach bhfuil ag éirí go rómhaith le cúrsaí mar atá. Ainneoin sin tá an córas reatha, dá dhonacht é, níos fearr ná na moltaí thuas.
B’fhearr arís córas eile ar fad, córas ina mbeadh seirbhísí oideachais lán-Ghaeilge ar fáil don Ghaeltacht agus do thuistí a roghnódh í ar fud na tíre agus moladh dhá ábhar Chonradh na Gaeilge.
Ní fiú dul ar seachrán le moltaí na beirte thuas.