Mic léinn ollscoile faoi lán seoil Dé Domhnaigh

Rás Bád Cambridge agus Oxford

Colm Duffin

Cad é an rud is mó a shamhlaíonn tú le saol na hollscoile?

Nár dúradh riamh anall linn gurb aoibhinn beatha an scoláire?

An saol ar a mian acu den chuid is mó – cuireann saol na mac léinn líne ó amhrán de chuid Chathail Uí Churráin i gcuimhne dom, nach annamh dóibh a bheith “ina suí san oíche, ina luí sa lá.”

Ach cad é a déarfá le mac léinn a bheadh ag dul do dhiantraenáil 3 huaire sa lá, ar feadh sé uair an chloig, sé lá na seachtaine ó thús na bliana acadúla?

Iad amuigh faoin aer fuar sula gcuireann an mhaidin cor di.

Ag traenáil ar lá Nollag féin go fiú?

Is dócha go dtabharfá sonraí teagmhála do shíceolaí maith don chréatúr bhocht a smaoineodh ar chruatan saoil mar sin a tharraingt air féin i laethanta órga na hollscoile.

Ach sin mar a bhí an saol le seacht mí anuas ag ceithre ghrúpa mac léinn a rachaidh chun iomaíochta, nó go deimhin féin chun iomartha, lena chéile ar 4:35 agus 5:35 an Domhnach beag seo.

Cad é féin, mar sin?

An Rás Bád.

Rás bád idir Ollscoil Cambridge agus Ollscoil Oxford ar abhainn na Tamaise (Thames), rás a théann chomh fada siar le 1829.

Is iomaí sin gáire a bhain sé as mo chairde agus as mo theaghlach siar tríd na blianta agus mé á rá leo go mbeinn faoi dhraíocht ag an rás agus nach gcaillfinn ar ór na cruinne é.

“Cad é atá ort?” is mó a dúradh liom, agus amharc amhrasach truamhéalach á thabhairt orm amhail is go raibh mé as mo chiall ar fad.

Ach fóill oraibh, a leathbhádóirí! Ná caith thar bord go fóill mé!

Tabhair cead cainte agus cosanta dom.

Admhaím go bhfuil cuid mhór d’ardnós na huasaicme le sonrú ann.

Todóga. Pims. Agus cultacha deasa fíneálta ar an fhaiche, mura miste leat.

Ach, téann an ghalántacht chéanna le sruth na Tamaise a luaithe a shéidtear an bonnán go dtéann na foirne chun spairne agus chun iomartha lena chéile.

Óir ní raibh ciall riamh ag an phian, an fhulaingt agus an íobairt d’aicmí sóisialta ná cér díobh thú.

Is cuma cén cúlra as ar fuineadh thú – is cuma más bodach nó bacach thú, tiocfaidh an phian i d’araicis chomh cruálach neamhthrócaireach céanna.

Thuigfeadh aon duine a tháinig faoi fhad rámha den mheaisín rámhaíochta sa seomra aclaíochta an saothar mór a bhaineann le bomaite nó dhó ar an mheaisín seo.

Tá fuarallas ag teacht orm agus mé ag smaoineamh ar an mheaisín chéanna anois!

Agus ní dada sin le taobh íobairtí na bhfoirne seo.

Cúrsa 4.2 míle atá ann.

Sin a thrí oiread níos faide ná an cúrsa Oilimpeach.

Agus cúrsa a bhainfidh beagnach 20 bomaite as na foirne.

20 bomaite?

Ní thig liom an fhulaingt a shamhlú go fiú.

An croí ag bualadh timpeall 200 buille gach nóiméad ar feadh an rása.

Go deimhin, nár thit fir de na rámhaithe i laige lena linn in 2002 ar a mhéad a bhí sé ag obair.

Nach iontach agus nach éachtach iarrachtaí na bhfoirne seo.

Iad ag traenáil ar feadh sé uair an chloig in aghaidh an lae, sé nó seacht lá in aghaidh na seachtaine.

Deirtear má chuirtear an líon iomlán uaireanta an chloig traenála le chéile, go ndéanann gach duine acu dhá uair an chloig traenála as gach buille rámha a tharraingíonn siad le linn an rása!

Agus ná déanaimis dearmad nach dtig leo a maidí a ligean le sruth i ndiaidh a gcuid traenála gach lá nó caithfidh siad cromadh ar an obair throm acadúil a bhíonn le déanamh acu ag cuid de na hollscoileanna is iomaíche agus is mó ráchairt ar domhan.

Ach cé a thabharfaidh an chraobh leo?

An fhoireann is mó a bhfuil acmhainn aici ar dhuibheagán toll na péine agus na fulaingthe.

An fhoireann is lú a ghéillfidh, nuair atá na cosa, na lámha, an cliabhrach agus gach alt agus féith ag scréachach agus ag achainí orthu “STOP!”

Chomh dócha lena athrach ní thuigfidh lucht m’aitheantais riamh an fáth a mbainim an oiread sin suilt as an eachtra spóirt seo.

Agus dála na gcréatúr seo Dé Domhnaigh, is ag iomramh in aghaidh easa a bheidh mé déarfainn agus mé ag iarraidh fiúntas an rása a chur ar a súile do mo chairde.

Ach féadaim a rá go mbeidh m’áit bheag féin ar an tolg réitithe agam Dé Domhnaigh faoi choinne na hócáide.

Cupán mór tae. Briosca beag nó dhó lena chois ar ndóigh.

Mo chosa sínte agus agus mo bhéal ar leathadh ag iarrachtaí agus éachtaí na n-iomaitheoirí go léir.

Mo mholadhsa daoibhse, tabhair neamhaird ar lucht an mhagaidh, treabh d’iomaire féin agus tabhair spléachadh ar an rás iontach seo atá lán le croí, ionracas, agus misneach.

Beidh an ghaoth ag bolgadh in bhur seolta go ceann i bhfad.

Cá bhfios nach mbeidh Feidhlimidh agus a bháidín bídeach beosach san iomaíocht leo ar an bhliain seo chugainn!

Close
Close