Má tá mian i do chroí, abair amach é

Katie Saoidhbh McGreal

Deir muid le páistí agus fiú le daoine fásta nár cheart dúinn mianta ár gcroí a roinnt le daoine eile. Nuair a shéideann muid amach na coinnle ar ár gcáca breithe, deirtear linn guí a dhéanamh ach gan é a roinnt le héinne más maith linn go dtarlóidh sé. Déanann muid an rud céanna ag toibreacha rún agus muid ag caitheamh airgid isteach: “ná hinis d’éinne céard é an guí a rinne tú”.

Ach níl ciall leis sin ar chor ar bith, dar liom. Más rún é gur mhaith le do pháiste peata, conas is féidir leo céimeanna a thógáil le go mbeidh peata acu?

Agus ansin mar dhaoine fásta, muna labhraíonn tú faoi mhian do chroí, faoin rud atá tú ag iarraidh a bhaint amach, tá níos lú seans ann go n-éireoidh leat. Má deir tú an sprioc amach os, tá freagracht éigin ann. Má tá a fhios ag daoine eile i do shaol gur mhaith leat maratón a rith, tá níos mó seans ann go ndéanfaidh tú an cleachtadh atá ag teastáil.

Nuair a rinne mé cinneadh thart ar an am seo anuraidh, go raibh mé ag iarraidh mo thaithí faoi mhí-úsáid tuismitheora a scríobh síos agus a fhoilsiú mar leabhar, d’inis mé é do mhná eile a bhfuil muinín agam astú. Mhol siad dom ballraíocht a ghlacadh i ngrúpa scríbhneoireachta agus thug an grúpa sin an-tacaíocht agus comhairle dom. Go gairid ina dhiaidh sin, chonaic mé go raibh maoiniú ar fáil ó Fhoras na Gaeilge le cúrsa a dhéanamh le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Chuir mé isteach air agus fuair mé é.

Ní raibh a fhios ag na mná ar labhair mé leo faoin maoiniú seo ach toisc go raibh mé ag déanamh rudaí lena chinntiú go mbainfinn amach an sprioc a bhí agam, bhí mé oscailte do rudaí difriúla. D’fhéadfá a rá gur thacaigh an Ollchruinne nó an Domhan dofheicthe liom agus chuirvfógra faoin maoiniú os mo chomhair.

Tá cumhacht leis na rudaí a deir muid agus nuair atá sé ráite os ard againn, tuigeann an Ollchruinne nó an chumhacht thart orainn go bhfuil muid dáiríre faoin mian seo a bhaint amach.

Muna bhfuil muid ag caint faoi na mianta atá againn, conas is féidir leis an Ollchruinne agus le daoine thart orainn cabhrú linn? Ní chreidfidh an Ollchruinne nó muid féin fiú gur rud dáiríre é seo dúinn. Caithfimid a léiriú do na daoine thart orainn agus dúinn féin go bhfuil seo tábhachtach dúinn, agus nuair a dhéanann tú sin feicfidh tú draíocht an domhain mhóir ag teacht amach le cabhrú leat.

Bíonn faitíos ar dhaoine go minic mianta a gcroí a roinnt le daoine ar eagla go mbeidh siad dímheasaúil faoi nó nach dtuigfidh siad é, agus is féidir leis sin tarlú, faraor. Mar sin de, caithfimid a bheith cúramach na daoine cearta a roghnú leis na rudaí seo a roinnt leo. Agus má tá duine i do shaol nach bhfuil an-tacúil faoi do mhianta, b’fhéidir go bhfuil sé in am duit smaoineamh faoin maitheas a dhéanann an caidreamh duit - alt is ábhar d’alt eile é sin.

Le filleadh ar na páistí agus daoine fásta ag rá leo: “déan guí nuair a shéideann tú amach na coinnle ach ná habair le héinne é” - ná habhair sin a thuilleadh.

Tá an nós seo ag cur in iúl do pháistí gur rud rúnda iad na mianta atá acu nuair a mhalairt atá fíor. Má tá rud éigin uait, abair amach é, tosaigh ag obair ina threo, labhair le daoine cineálta agus b’fhéidir go mbeidh siad in ann cabhrú leat, nó b’fhéidir go mbeidh aithne acu ar dhuine a bheidh ábalta cabhrú leat - ní bheidh a fhios agat muna ndeir tú amach os ard é. Agus cá bhfios, b’fhéidir go dtarlóidh rudaí draíochta duit a chabhróidh leat é a bhaint amach freisin!

Close
Close