Lucht 'Tá' CLG: Binn béal ina thost?

Pól Mac Fheilimidh 

CUMANN LÚTHCHLEAS GAEL:

Eagraíocht is ea Cumann Lúthchleas Gael inniu a shroicheann gach coirnéal den tír agus tá a fhréamhacha i ngach paróiste Éireannach. Ar fud na tíre, tá scata mór oibrithe deonacha atá sásta íobairtí a dhéanamh lena idéil a chur chun cinn agus a ualaí laethúla a dhéanamh. Cén fáth a bhfaigheann an Cumann an tacaíocht neamhleithleach seo? Feiceann na daoine a imríonn a chluichí, iad siúd a eagraíonn a ghníomhaíochtaí agus iad siúd a rialaíonn a chinniúintí CLG mar bhealach lenár bhféiniúlacht Éireannach a chomhdhlúthú. 

Neamhpháirtí Polaitiúil:

Beidh an Cumann ina neamhpháirtí polaitiúil. Ní phléifear ceisteanna polaitiúla páirtí ag a chruinnithe, agus ní ghlacfaidh Coiste, Club, Comhairle, nó ionadaí ar bith thar a gceann.

Ní na focail s'agamsa iad seo thuas ach sliochtanna as 'Treoir Oifigiúil' CLG.

Ar an chéad amharc agus b'fhéidir ar an dara nó an tríú hamharc níl rud ar bith a bhaineann le feachtas Mickey Harte agus eile faoi choinne vóta 'Níl' agus Leasú 8 a choinneáil sa reifreann ar an 25 Bealtaine atá ag teacht salach ar an 'Treoir Oifigiúil'

Seoladh an feachtas i mBaile Átha Cliath an mhí seo a chuaigh thart agus le cois Mickey Harte tá imreoirí iomráiteacha ar nós Paddy McGrath as Tír Chonaill agus Aoife Ní Chasaide as Doire páirteach.

An rud is suimiúla ar dhóigh, a bhaineann leis an fheachtas seo ná chomh gasta a bhí dreamanna a raibh baint acu leis an seoladh ag iarraidh spás a chur iad féin agus an feachtas - CLG Baile Fhormáid De La Salle i mBaile Átha Cliath, áit ar tionóladh an seoladh, Cumann Peile na mBan, Gaillimh agus níos tábhachtaí arís, Páirc an Chrócaigh féin.

Seans gur shíl daoine áirithe go raibh CLG ag 'taispeáint a chuid dathanna fíora' agus ag léiriú gur eagras coimeádach, Caitliceach é a bhí gafa san am atá caite srl. srl.

Ach an bhfuilimidne mar ghnáthbhaill CLG ag iarraidh ár gcraicinn is a luacha?

Cuir i gcás go raibh feachtas mór ar siúl le hAcht na Gaeilge a rith sna 6 Chontae nó go raibh rialtas éigin ó dheas ag iarraidh stádas na Gaeilge sna 26 Contae a ísliú?

Nach mbeadh muidne mar Ghaeilgeoirí ag dúil le CLG tacaíocht 'intuigthe' ar a laghad a thabhairt dúinn.

Agus tugtar faoi deara gur 'neamhpháirtí' polaitiúil an stádas atá roghnaithe ag CLG féin. Níl baint ar bith ag an reifreann seo le páirtithe.

Is é an fáth ar tugadh an stádas sin isteach ionas go bhféadfadh CLG ráiteas agus tuairimí a nochtadh ar shaincheisteanna atá, dar leo féin, bainteach le baill CLG.

Le linn na stailceanna ocrais sna luathochtóidí mar shampla, nocht siad barúlacha agus rinne siad ráiteas a bhí thar a bheith 'polaitiúil'. Ní raibh siad ina n-aonar ar ndóigh. Rinne go leor eagraíochtaí amhlaidh, go háirithe eagraíochtaí a bhfuil nó a raibh éiteas, sa chiall is leithne den fhocal, 'Gaelach' acu.

Ach is fada baint ag CLG leis an Ghaeilge. Ag amharc arís ar an Treoir Oifigiúil feicimid an fhoclaíocht seo:

"Tacóidh an Cumann go gníomhach leis an nGaeilge, damhsa, ceol, amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus le gnéithe eile de chultúr na hÉireann.

Is iomaí rud is féidir a rá faoi fheachtas Mickey, Aoife agus eile ach ní féidir a rá go mbaineann an feachtas le Gaelachas - in Éirinn an lae inniu, ba mhór an mheancóg Gaelachas a chur in aon chatagóir le Caitliceachas.

Sin uilig ráite, tá de cheart iomlán ag Mickey agus a chairde a bhfeachtas féin a reáchtáil, níor mhaígh sé riamh gur feachtas 'oifigiúil' de chuid CLG é agus is aisteach nach bhfuil frithfheachtas ann - Eamon McGee as Gaoth Dobhair an t-aon imreoir ardphróifíle a thug tacaíocht do vóta 'Tá' ar Twitter, mar shampla.

Ach b'fhéidir gur léiriú ann féin é sin faoin athrú atá tagtha ar CLG go háirithe agus ar shochaí na hÉireann go ginearálta. Feictear an Caitliceachas ceartchreidmheach anois mar rud (a) atá imeallach, (b) a bhaineann leis an ghlúin is sine inár bpobail nó (c) ar ábhar grinn nó fiú aiféaltais é agus glactar leis gur 'Tá' a vótálfaidh bunús gach duine óig ar an 25 Bealtaine.

Is dóigh liom gur ó Pháirc an Chrócaigh a tháinig an fhreagairt is suimiúla agus is siosmaidí. Léirigh ceannairí CLG láithreach nach raibh lá rúin acu aon taobh a ghlacadh sa reifreann atá chugainn. Sin an t-aon seasamh amháin a thiocfadh leo a ghlacadh. Agus nach suimiúil go bhfuil cuimhne ag cuid againn go fóill ar easpag ag caitheamh isteach na liathróide lá chluiche ceannais na hÉireann i ndiaidh do chaptaein an dá fhoireann a fháinne a phógadh!

Ní shílim go bhfuil duine ar bith, lucht fheachtas 'Níl' san áireamh, ag iarraidh filleadh ar an ré sin agus is dóigh liom gurb é 'an béal binn ina thost' ó lucht 'Tá' taobh istigh de CLG an guth is cumhachtaí den iomlán.

Close
Close