Loighic ar lár

Concubhar Ó Liatháin

An féidir loighic nó réasún a lua le tuairimí an DUP, nó polaiteoirí aontachtacha eile, i leith na Gaeilge anseo, seachas corr eisceacht?

Ní dóigh liom é.

Bhí loighic agus an dlí go mór chun tosaigh in aigne Peter Robinson, ceannaire an DUP, ach ní ar an nGaeilge a bhí sé ag trácht nó ar an bhfeachtas chun Acht Gaeilge a reachtú ó thuaidh – ach fillfimid air sin.

Ábhar eile a bhí ar aigne an Chéad-Aire.

Bhí sé ag iarraidh dúshlán na gcraoltóirí Briotanacha a thabhairt – BBC, ITV agus Channel 4 – maidir lena gcinneadh gan cuireadh a thabhairt don DUP bheith páirteach i nDíospóireachtaí na gCeannairí roimh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe ar 7 Bealtaine.

Ní róshásta a bhí sé go raibh an DUP eisiata as an díospóireacht ina mbeadh na Glasaigh, UKIP, SNP agus Plaid Cymru páirteach ann.

Agus é ag caint ar mheáin na Breataine ag an deireadh seachtaine, luaigh sé go raibh níos mó suíochán ag an DUP – 8 bhFeisire Parlaiminte – ná na Glasaigh (1), UKIP, SNP (6) agus Plaid(3).

“Níl aon bhunús de réir loighce nó de réir dlí gan cuireadh a thabhairt don DUP bheith páirteach sa dhíospóireacht,” ar seisean.

Le tamall anuas tá géarú tagtha ar an gcogadh cultúrtha atá á fhearadh ag an DUP agus an UUP ar an nGaeilge.

Tá ionsaithe leanúnach is míchlúiteach ar bun ag leithéidí Gregory Campbell, Nelson McCausland agus eile ar fheachtais ar son Acht Gaeilge.

An tseachtain seo caite, bhí rún ó Danny Kinihan ó Aontachtóirí Uladh ag éileamh athbhreithniú ar chinneadh an Aire Oideachais, John O’Dowd, meánscoil lán-Ghaeilge, Coláiste Dhoire, a cheadú i nDún Geimhin.

Bheadh sé greannmhar mura raibh sé chomh tromchúiseach gur dhein an UUP gearán faoin aisfhreagra a bhí ag an SDLP agus Sinn Féin araon a chuir iachall ar an dTionól a chinntiú go mbeadh tacaíocht trasphobail ag an rún áirithe sin.

Dar leis an UUP, bhí na náisiúnaithe ag glacadh seilbhe ar an nGaeilge agus ag ‘polaitiú’ ceist na teangan.

Cé nach mbeidh ach 14 dalta luaite le freastal ar an gColáiste nua sa chéad bhliain, go dtí seo, tá sé suite i gcroí-cheantar ina bhfuil go leor bunscoileanna lán-Ghaelacha le cinntiú go mbeidh an rath céanna air sa todhchaí agus a bhí ar Mheánscoil Feirste nach raibh ach naonúr dalta ann sa chead bhliain agus féach anois ar an institiúid sin!

Tinreamh 500+ agus cuid de na torthaí acadúla is fearr sa Tuaisceart.

Bhí mé i láthair ag Lá Oscailte i gColáiste Feirste le déanaí agus bhain mé an oiread spreagtha ón lá nár mhiste liom tosnú ar mo mheánscolaíocht arís…

An cás a deineadh ar son an athbhreithnithe seo ar an gcinneadh ab ea go mbeadh sé róchostasach tráth go bhfuil giorruithe ar bun ar fud an gheilleagair.

Tá an chúis chéanna á lua ag Nelson McCausland in alt a scríobh sé don Belfast Telegraph ag cur i gcoinne Acht na Gaeilge.

Dar leis go mbeidh costas rómhór ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta agus go gcosnóidh sé na milliúin punt – tá sé sásta seo a mhaíomh in ainneoin nach bhfuil an dréacht-bhille foilsithe fós agus in ainneoin go leor i bpobal na Gaeilge ag rá le polaiteoirí ar suim leo éisteacht linn nach reachtaíocht atá uainn a bheadh bunaithe ar chur leis an maorlathas seachas ar thacaíocht dhíreach don Ghaeilge i measc an phobail.

Tugann seo sinn thar n-ais go Peter Robinson agus a fhrustrachas mar gheall ar an DUP bheith fágtha ar lár ó Dhíospóireacht na gCeannairí roimh an Olltoghchán i mí Bealtaine.

Tuigim dó.

Ní maith leis go bhfuil an DUP fágtha ar lár ó dhíospóireacht náisiúnta ina bhfuil páirtithe ar an ‘mórthír’ le níos lú ionadaithe Westminster ag fáil cead isteach ann.

Tá sé amhail is nach bhfuil an Tuaisceart ina chuid den Ríocht Aontaithe – agus is léir nach gceapann na craoltóirí go bhfuil sé chomh Briotanach le Finchley nó Fife.

Bealach a d’fhéadfadh Peter Robinson an bhréag a thabhairt don tuairim sin ná treoir a thabhairt dá pháirtí tacú le hAcht na Gaeilge nuair a chuirfí os comhair an Tionóil é, mar a dhein sé agus é ag tacú le toghchán Mitchell McLaughlin, SF, ina Cheann-Chomhairle le déanaí.

Bheadh sé ábalta a rá go n-aithníonn an DUP go bhfuil reachtaíocht ag cosaint na Gàidhlige in Albain gan ach 50,000 cainteoir ann agus mar sin, de réir loighce, agus geall leis 200,000 i dTuaisceart Éireann ag tabhairt le fios sa daonáireamh gur cainteoirí Gaeilge iad, gur cheart go mbeadh reachtaíocht ag cosaint na Gaeilge sna sé chontae.

Ní bheadh aon rogha aige seo a dhéanamh, gan amhras, dá mbeadh aon ról suntasach ag an loighic nó an réasún sa pholaitíocht.

 

Close
Close