Lá Náisiúnta Dobróin de chuid Dhúchasaigh Mheiriceá

Tá Lá an Altaithe á cheiliúradh ag daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu ach tá conspóid áirithe ag baint leis an traidisiún agus ní gach duine atá buíoch as an stair a bhaineann leis.

Stair na nEorpach i Meiriceá Thuaidh é Lá an Altaithe, den chuid is mó, ach tá sé tábhachtach go n-aithnítear stair na nDúchasach chomh maith.

Labhair Meon Eile leis an staraí Réamonn Ó Ciaráin faoi stair chorrach Mheiriceá agus faoi na ceangail idir cruachás na nÉireannach agus cruchás na mbundúchasach thall.

Sa bhliain 1847, ar a dtugtar 'An Bhliain Dhubh,' d'aithin pobail de Dhúchasaigh Mheiriceá go raibh na hÉireannaigh ag fulaingt go dona le linn an Ghorta Mhóir agus thug siad deonachán £170 (£5,000 in airgead an lae inniu) do mhuintir na hÉireann, tráth a bhí na Seactáigh agus pobail eile go mór faoi chois.

Cúpla bliain ó shin, nochtadh an dealbh 'Kindred Spirits' i gCorcaigh in ómós don cheangal seo, agus tá níos mó eolais faoi na píosaí dealbhóireachta de chuid Alex Pentek le haimsiú anseo.

Beidh dlúthchaidreamh idir mhuintir na hÉireann agus bundúchasaigh Mheiriceá go deo dá bharr agus, ar na mallaibh, bhí an deis againne an chomain chéanna a dhéanamh orthu. Tá cuid de phobail na ndúchasach buailte go holc leis an choróinvíreas agus - le flaithiúlacht na Seactách go mór ina gcuimhne - bhronn Éireannaigh breis agus $1 mhilliúin ar fheachtas na Navachóch agus na Hóipeach fríd an leathanach GoFundMe a bhunaigh siad chun cuidiú leis an troid i gcoinne an víris.

Close
Close